Is soláthraí oideachais é Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire. Is é is struchtúr corparáideach dó bord a cheaptar ar bhonn daonlathach agus foireann bainistíochta (feidhmiúcháin). Tá an limistéar riaracháin atá clúdaithe ag BOOÁCDL ag síneadh ó Bhaile Brigín i gContae Bhaile Cliath Thuaidh, go Dún Laoghaire i gContae Bhaile Cliath Theas agus chomh fada le Leamhcán i gContae Bhaile Cliath Thiar.

Is é ár bhfís é oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán a stiúradh go gníomhach. Is é an misean atá againn réimse leathan clár, seirbhísí agus tacaíochtaí oideachais agus oiliúna a sholáthar do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar fud réigiún Chontae Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

Cuirimid an foghlaimeoir i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Creidimid go bhfuil an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ríthábhachtach i dtaobh forbairt agus folláine phearsanta, cuimsiú sóisialta agus rathúnas eacnamaíoch.

Is iad seo leanas sprioc-chliaint Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire:

Daoine óga agus
oibrithe deonacha

Scoláirí agus/nó a
dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí

Foghlaimeoirí
aosacha

Eagraíochtaí Deonacha
agus Eagraíochtaí Spóirt

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital