Tacaíochtaí BOOÁCDL i gcomhair
Scoileanna

Seirbhísí Tacaíochta Síceolaíochta

Tá an tSeirbhís Tacaíocht Síceolaíochta ar fáil do scoláirí agus mic léinn i Scoileanna Dara Leibhéal, Ionaid Ógtheagmhála agus earnálacha ina soláthraítear Breisoideachas, agus do bhaill foirne de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL).. Tugann an tSeirbhís tacaíocht ghearrthéarmach agus soláthraíonn sí tacaíocht shíceolaíoch leathan d’úsáideoirí na Seirbhíse, faoi réir iarraidh ó scoil/ionad. Éascaíonn an tSeirbhís d’atreorú scoláirí agus mac léinn chuig sainghníomhaireachtaí eile a oireann dá gcuid riachtanas. Cuimsítear le ról na Seirbhíse Tacaíochta Síceolaíochta ionchur sainiúil i réimsí an taighde agus na hoiliúna agus i dtionscnaimh de chuid an Bhoird Oideachais agus Oiliúna ar leibhéal córasach.

I gcás baill foirne de chuid BOOÁCDL ar mian leo leas a bhaint as an tacaíocht a thairgeann an tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíochta, féadfaidh siad teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an tSeirbhís. Maidir le scoláirí agus mic léinn atá faoi choimirce BOOÁCDL, is iad na scoileanna agus na hionaid a chuireann daoine in ord tosaíochta i leith soláthar seirbhíse. I gcás daoine óga os cionn 18 mbliana d’aois, bíonn rannpháirtíocht na dtuismitheoirí faoi réir rogha an duine óig féin. Tá sé ina thosaíocht ag an tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíochta freagairt d’eachtraí éigeandála a tharlaíonn laistigh de BOOÁCDL.

Cuirtear an tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíochta ar fáil faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil. Cuimsítear leis an tsamhail atá glactha ag an tSeirbhís cur chuige ildisciplíneach, ar bhonn comhairliúchán foirne. Bíonn idirghabhálacha na foirne dírithe ar na bearta seo a leanas:

  • tacaíocht dhíreach agus tacaíocht indíreach a thabhairt do scoláirí agus mic léinn agus iad ag iarraidh teacht i dtír ar an gcuraclam
  • réiteach a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine i dtaobh iompair, spreagtha, cognaíochta agus na mothúchán, trí mheasúnú agus trí idirghabháil theiripeach
  • obair choisctheach le spriocghrúpaí
  • tacaíocht ghairmiúil a thabhairt do bhaill foirne teagaisc, i ndáil le daoine a chuirtear ar aghaidh chucu agus saincheisteanna gairmiúla eile
  • tacaíocht phearsanta a thabhairt do bhaill foirne teagaisc maidir le saincheisteanna a bhaineann le scoil nó ionad
  • oiliúint inseirbhíse i réimsí éagsúla a bhaineann le cúrsaí oideachais
  • socrúchán gairmiúil do Shíceolaithe ar Intéirneacht nó do Shíceolaithe faoi Oiliúint

Is seirbhís saor in aisce, faoi rún í atá dírithe ar bhaill foirne, scoláirí agus mic léinn BOOÁCDL mar atá leagtha amach thuas.
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis:

An tSeirbhís Tacaíochta Síceolaíochta
1A An Bóthar Mór
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Teil: (01) 4598446
Facs: (01) 4515016

Scrúduithe Béarla de chuid Cambridge Assessment

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire údaraithe ag Cambridge Assessment English mar lárionad dá chuid.  Reáchtálaimid cúrsaí agus scrúduithe ar mhaithe le múinteoirí dara leibhéal agus scoláirí a bhfuil an Béarla ina theanga bhreise acu, bídís inár n-eagraíocht féin nó lasmuigh di.

I gcomhair scoláirí:

Cuirimid an réamhscrúdú B1 (B1 Preliminary) do Scoileanna agus an chéad scrúdú B2 (B2 First) do Scoileanna ar bun i mí an Mhárta, mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh i gcomhair scoláirí dara leibhéal. Le sé bliana anuas, tá scrúdú déanta againn ar 2,259 ndéagóir agus deimhniú bronnta againn orthu a aithnítear go hidirnáisiúnta. Is ionad oscailte scrúdaithe Béarla de chuid Cambridge Assessment muid i leith an dá scrúdú sin, a ceapadh go sonrach chun tástáil a dhéanamh ar scileanna teanga déagóirí. Inár n-eagraíocht, ina bhfuil 28 n-iarbhunscoil, cuirimid réamhscrúdú B1 i gcomhair Scoileanna ar bun do scoláirí san Idirbhliain agus an chéad scrúdú B1 (B1 First) do scoláirí sa 6ú bliain.

Tacaímid lenár gcuid múinteoirí iar-bhunscoile maidir le torthaí teanga agus litearthachta a mheasúnú, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a thaifeadadh do scoláirí a bhfuil an Béarla ina theanga bhreise acu tríd an Triail Socrúcháin idirghníomhach ar líne de chuid Cambridge Assessment sa Bhéarla, de réir na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta (2011 – 2020). Gach bliain, cuirimid faoi bhráid na Roinne Oideachais sonraí cruinne, a ghintear ar ríomhaire, maidir le riachtanais na scoláirí inár scoileanna a bhfuil an Béarla ina theanga bhreise acu. Ar an gcaoi chéanna, cabhraíonn an uirlis chéanna sin linn a chinntiú go bhféadfaidh ár scoileanna ardtosaíocht a thabhairt do rianú, measúnú agus anailísiú a dhéanamh ar ghnóthachtáil na scoláirí a bhfuil an Béarla ina theanga bhreise acu mar chuid de phleanáil na scoile. Leis sin, féachtar chuige go gcomhlíonfaimid an sainchúram atá orainn i dtaobh tacú le cuimsiú gníomhach agus le comhionannas rochtana ar an gcuraclam.

Do mhúinteoirí:

Is Lárionad Oscailte muid maidir le modúil um Thriail Eolais Teagaisc (TET) de chuid Cambridge Assessment English. Reáchtálaimid cúrsaí oiliúna (ónar féidir leanúint ar aghaidh chuig Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga TET) do mhúinteoirí príomhshrutha dara leibhéal (a bhíonn ag múineadh staire, tíreolaíochta, eolaíochta, etc.) chun a chur ar a gcumas do mhúinteoirí déileáil go praiticiúil leis na riachtanais a bhíonn ag gach scoláire sa seomra ranga ó thaobh teanga agus litearthachta. Sa bhliain 2011, bronnadh lipéad teanga Eorpach orainn as ucht an tionscnaimh sin. Go dtí seo (Eanáir 2018), reáchtáladh an cúrsa oiliúna sin in 13 scoil éagsúla thart timpeall Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhain 322 múinteoir leas as. Ag teacht le moltaí a rinne an Roinn Oideachais sa Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta 2011 – 2020 (lch 69), táimid á chinntiú go mbeidh rochtain ag múinteoirí ar FGL agus treoir maidir le freastal ar riachtanais foghlama na scoláirí a bhfuil an Béarla ina Theanga Bhreise acu, agus go bhfuil an cuimsiú gníomhach á chur chun cinn. Bíonn cúrsaí agus scrúduithe TET d’fhoghlaimeoirí Óga á reáchtáil againn freisin do mhúinteoirí bunscoile.

Do thuismitheoirí:

Reáchtálaimid ranganna agus scrúduithe do thuismitheoirí na scoláirí a bhfuil an Béarla ina theanga bhreise acu inár scoileanna, ónar féidir dul ar aghaidh chuig Eochairthriail A2 (A2 Key) agus Réamhscrúdú B1 (B1 Preliminary) chun an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le clárú le haghaidh aon cheann de na scrúduithe Béarla de chuid Cambridge Assessment ag ár n-ionad scrúduithe, téigh i dteagmháil le:

Mary Kenny, Oifigeach Forbartha ESOL/Bainisteoir Scrúduithe an Ionaid ag mkenny@ddletb.ie

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital