Incháilitheacht
agus Táillí

Tá an chuid is mó dár gcúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna oscailte do gach foghlaimeoir aosach. D’fhéadfadh roinnt comhordaitheoirí cúrsa bualadh leat le haghaidh plé roimh ré. Is comhrá gearr, neamhfhoirmiúil atá i gceist ansin ionas gur féidir linn beagán aithne a chur ort, eolas a chur ar na nithe is spéis leat agus cabhrú leat an cúrsa ceart a roghnú.

D’fhéadfadh sé go mbeadh riachtanas breise iontrála ag gabháil le roinnt cúrsaí. Mar shampla, is iondúil nach mór portfóilió a chur i láthair i gcomhair cúrsaí Ealaíne nó Dearthóireachta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi riachtanais na gcúrsaí aonair ach teagmháil a dhéanamh leis an gcoláiste.

Tá fáilte roimh mhic léinn aosacha ar gach cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna.

Táillí

I gcás roinnt cúrsaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh táillí le híoc ag an mac léinn. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ón gcoláiste nó ón ionad oiliúna atá i mbun an chúrsa.

Má tá tú dífhostaithe faoi láthair, d’fhéadfá a bheith i dteideal do liúntas leasa shóisialaigh a choinneáil agus tú ag freastal ar an gcúrsa.

Cuirimid cúrsaí oiliúna, cúrsaí Breisoideachais agus cúrsaí SDOG (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais) ar fáil inár n-ionad agus ár gcoláistí. Tugaimid spreagadh gníomhach don oideachas fadsaoil do chách, cibé ar mhaithe le d’fhorbairt phearsanta féin nó chun deimhniú gairmiúil a bhaint amach nó dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas ar leibhéal níos airde.

Cuireann BOOÁCDL deiseanna den scoth ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun na scileanna atá acu faoi láthair a fheabhsú nó scileanna úrnua a bhfuil éileamh orthu a fhoghlaim. Tabharfaidh ár múinteoirí agus ár dteagascóirí, dream a bhfuil seantaithí acu, treoir duit agus tú ag tabhairt faoin obair theoiriciúil agus faoin obair phraiticiúil.

Féach ar an raon leathan cúrsaí atá againn agus tabhair faoi eispéireas foghlama nua linn.

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital