CORPARÁIDEACH
Earcaíocht

Is fostóir comhdheiseanna é Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL). Féachann an tAonad Acmhainní Daonna chuige go nglacann an Bord Oideachais agus Oiliúna cur chuige atá cóir, comhsheasmhach agus gairmiúil i dtaobh daoine a earcú a bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí is gá acu chun tabhairt faoina gcuid ról ar shlí éifeachtach agus aidhmeanna straitéiseacha agus fís an Bhoird a chomhlíonadh.

Dhá chúis mhaithe chun a bheith ag obair le BOOÁCDL

(1) A bheith páirteach i bPobal Scoileanna

Na múinteoirí atá fostaithe ag BOOÁCDL, bíonn siad páirteach i dteaghlach nó i bpobal scoileanna. Tá buntáistí suntasacha ag gabháil le bheith sa teaghlach sin:

  • Tá 30 iar-bhunscoil agus 5 choláiste iar-Ardteistiméireachta faoi choimirce an Bhoird Oideachais agus Oiliúna seo. Téann na huaireanta oibre in aon cheann de na scoileanna sin ar an taifead i leith buanphoist má aistríonn múinteoir chuig ceann eile dár gcuid scoileanna. Ní hionann é sin in aon chor agus an cás i gcineálacha eile scoileanna ina dtosaíonn gach ceapachán gan creidmheas ar bith i leith conradh a cuireadh i gcrích i scoil eile.
  • Nuair a bhíonn Príomhoidí ag earcú, is minic a dtéann siad i dteagmháil le Príomhoidí eile a bhíonn ag obair le BOOÁCDL le haghaidh moltaí. Fágann sé sin gur tapúla a thugtar cuireadh chun agallaimh do mhúinteoirí inár gcóras féin ná múinteoirí nach raibh ag obair riamh i gceann do scoileanna an Bhoird.

(2) Conair Ghairme Fheabhsaithe agus Tacaíocht agus Forbairt FGL

Cuireann gach coláiste chun cinn a chlár féin don fhorbairt ghairmiúil leanúnach, faoina spreagtar comhoibriú gairmiúil le comhghleacaithe a bhíonn ag gabháil don ábhar céanna agus i dtionscadail traschuraclaim, faoina dtacaítear le múinteoirí nuacháilithe tríd an gclár Droichead agus trína nglactar seasamh láidir ar Fholláine na mac léinn agus na mball foirne.

Inár gcáil mar eagraíocht a chuireann an fhoghlaim chun cinn, tá cláir an-ghníomhach againn i dtaobh forbairt ghairmiúil leanúnach agus go leor líonraí pobal gairmiúil lena n-áirítear

  • TL21 (Teagasc agus Foghlaim don 21ú hAois)
  • Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta
  • Oiliúint Cheannaireachta Mheánleibhéil.

All of our jobs are advertised on www.etbvacancies.ie

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital