

Seirbhís um Fhorbairt Óige agus Spóirt
Tá sé mar aidhm le Seirbhís BOOÁCDL um Fhorbairt Óige agus Spóirt raon leathan tacaí a chuir ar fáil lenar féidir soláthar agus comhordú a dhéanamh ar chláir, tionscadail agus seirbhísí ardchaighdeáin oideachais, spóirt, áineasa agus forbartha do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste. Déantar an méid sin i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla, grúpaí deonacha agus eagraíochtaí óige deonacha ar nós Crosscare, Foróige agus YMCA.
Tá triúr Oifigeach Óige freagrach as comhordú, measúnú, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an soláthar don óige sa réigiún. Is clár oideachais pleanáilte é an Obair don Aos Óg chun forbairt phearsanta agus shóisialta na ndaoine óga a fheabhsú, ar shlí lena gcomhlánaítear a n-oideachas foirmiúil, a n-oideachas acadúil nó a ngairmoideachas agus a gcuid oiliúna.
Ina theannta sin, cuireann an tSeirbhís um Fhorbairt Óige agus Spóirt ar fáil roinnt clár spriocdhírithe atá á mbainistiú ar bhonn díreach agus is í atá i mbun cúig Ionad Spóirt.
Cuireann Oifigigh Spóirt BOOÁCDL seirbhísí comhordaithe, comhairle, oiliúna agus eolais ar fáil do ghrúpaí agus seirbhísí áitiúla.