Maidir lenár Scoileanna

Tá scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire ina gcuid dhílis den saol ina bpobail áitiúla.  Tá cur chuige cuimsitheach acu agus cuidíonn siad le daoine óga barr a gcumas a bhaint amach sa tsochaí. Cuireann siad ar a gcumas do dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí dul chun cinn ó thaobh oideachais a dhéanamh i dtimpeallacht dhearfach, spreagúil. Scoileanna measctha ó thaobh inscne de atá inár scoileanna uile.

Cuirimid oideachas Bunleibhéil agus Dara Leibhéal ar fáil de réir an churaclaim náisiúnta leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna Baineann ár scoileanna úsáid leathan as an bhFoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta sa seomra ranga agus tá réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim á thairiscint iontu.

Tá ardcháilíochtaí ag ár múinteoirí uile agus glacann siad páirt go rialta i bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach. Mar chuid de líonra de scoileanna den scoth in BOOÁCDL, baineann na múinteoirí leas as saineolas agus tacaíocht óna bpiaraí.

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital