Ógtheagmháil

Má tá tú idir 15 bliana – 20 bliain d’aois agus má tá fonn ort treoir, oiliúint agus taithí oibre a fháil i réimse a bhfuil suim agat ann, is maith mar a oirfidh an Scéim Ógtheagmhála duitse. Is deis spreagúil é an clár Ógtheagmhála do dhaoine a d’fhág an scoil go luath ach ar mhaith leo seans eile a bheith acu ar an oideachas.

Baineann an Clár Ógtheagmhála le d’fhorbairt phearsanta féin, agus is áit shábháilte, thacúil é gach ionad a bhfuil fáilte romhat ann. Cuirfear comhairle ort maidir le conas do chuid oideachais agus tacaíochta a chur chun cinn.

Cén Cineál Cúrsaí atá ar Fáil?

Faoin gClár Ógtheagmhála, tá raon leathan deiseanna oiliúna agus oideachais ar fáil do dhaoine óga, agus bronntar dámhachtainí QQI i leith a lán acu. D’fhéadfadh Clár RSO (Riachtanais Speisialta Oideachais) a bheith ar fáil do dhaoine óga a ndearnadh measúnú orthu mar dhaoine a bhfuil deacrachtaí éagsúla foghlama acu.

Chomh maith le deimhniú nó taithí oibre luachmhar a fháil de bharr páirt a ghlacadh i gClár Ógtheagmhála, tá na sochair bhreise seo i gceist freisin:

  • Aithne a chur ar chairde nua agus a bheith i do dhuine d’fhoireann.
  • Feabhas a chur ar an muinín atá agat asat féin trí fhorás pearsanta.
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fóillíochta an ionaid.
  • A bheith i dtimpeallacht thuisceanach, shábháilte, i measc dhaoine nach dtabharfaidh breithiúnas ort agus a bhfuil meas acu ort
  • A bhrath go bhfuil tú do do spreagadh chun barr do chumais a bhaint amach le tacaíocht fhlúirseach
  • Treoir a fháil maidir leis an ngairm a roghnú is fearr a oireann duit féin.

Cad is féidir liom a dhéanamh tar éis dom Clár Ógtheagmhála a chríochnú?

Tar éis dóibh Clár Ógtheagmhála a chríochnú, tá an méid seo déanta ag a lán dár gcuid scoláirí:

  • dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas – amhail cúrsa iar-Ardteistiméireachta
  • cur isteach ar phrintíseachtaí
  • tabhairt faoi shaol na hoibre, áit ar éirigh go geal leo

Conas Clárú le Clár Ógtheagmhála

Chun páirt a ghlacadh i gClár Ógtheagmhála ní mór duit a bheith dífhostaithe, an scoil a bheith fágtha agat agus a bheith idir 15 bliana agus 21 bhliain d’aois. Má tá tú 16 bliana d’aois nó níos sine, íocfar liúntas oiliúna leat, a bheidh ag brath ar d’aois. Bíonn Cláir Ógtheagmhála ar siúl ar feadh na bliana agus cláraítear daoine leo ar bhonn leanúnach, mar sin is féidir leat páirt a ghlacadh i gclár ag am ar bith.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Ionaid Ógtheagmhála BOOÁCDL, déan teagmháil le Comhordaitheoir d’Ionaid áitiúil trí chliceáil ar cheann de na naisc thíos:

Ógtheagmháil Bhaile Brigín

Ógtheagmháil Bhaile Bhlainséir

Ógtheagmháil Chluain Dolcáin

Ógtheagmháil Leamhcáin

Ógtheagmháil na Prióireachta (Tamhlacht)

Ógtheagmháil Ráth Fearnáin

Ógtheagmháil an Rois

Spórt-teagmháil (An Naigín)

Ógtheagmháil Shoird

Ógtheagmháil Thamhlachta

Ionad YES (Cluain Dolcáin)

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital