CAD IS ÉITEAS ANN?

Is é is éiteas ann go simplí ná an chaoi a mairimid, a n-oibrímid agus an caidreamh a dhéanaimid lena chéile inár bpobal scoile. Cé go gcuimsíonn sé an curaclam agus an chaoi a múintear é, tá níos mó ná sin i gceist le héiteas. Baineann sé freisin le comh-bhunluachanna, leis an gcuraclam ceilte, leis na próisis chinnteoireachta agus leis na caidrimh atá mar bhonn agus mar thaca ag saol laethúil na scoile. Cé go raibh bunluachanna an chúraim, an mheasa agus an chomhionannais ag scoileanna aonair BOO riamh, ní raibh aon chur chuige comhtháite amháin ag na scoileanna. Anois is féidir le gach scoil BOO labhairt go muiníneach faoi cé hí féin agus cad dó a seasann sí.

MAR SIN, CAD IS MISEAN NÓ FÍS SCOILE ANN?

Feidhmeoidh gach scoil BOO de réir éiteas an BOO ach beidh cead a gcinn acu go fóill cruth a chur ar a scoil féin tríd an ráiteas misin agus tríd an ráiteas físe. Tá ag éirí go hiontach le scoileanna BOO i limistéar Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu. Déanann ár scoileanna go léir a ndícheall barr feabhais a bhaint amach sa teagasc agus san fhoghlaim araon. Tugtar tús áite don Ghaeilge i gcuid de na scoileanna. I gcuid eile acu, is é an ceol atá i lár an aonaigh. Is scoileanna mór spóirt cuid eile. Spreagann BOOÁCDL gach scoil chun a féiniúlacht uathúil féin a fhorbairt de réir ár n-éitis chomhroinnte.

CAD IS ÉITEAS SCOILE BOO ANN?

Is scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha iad scoileanna BOO agus tá cúig bhunluach mar bhonn agus thaca acu: Barr feabhais san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas. Tá scoileanna BOO faoi phátrúnacht an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (na BOO) áitiúil, agus tá na Boird Oideachais agus Oiliúna ar an soláthraí is mó oideachais il-sainchreidmhigh in Éirinn. Tugann scoileanna BOO comhdheiseanna do gach dalta sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu agus déanann a ndícheall oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar trí thimpeallachtaí foghlama atá measúil, dearfach, tacúil agus mothálach.

DDLETB Ethos Logo 2022 - Irish

CÉ LEIS NA SCOILEANNA SEO AGUS CÉN DIFRÍOCHT A DHÉANANN SÉ SIN?

Is iad na BOOnna pátrúin na scoileanna BOO. Is údaráis reachtúla iad na BOOnna atá freagrach as Scoileanna Náisiúnta Pobail, as Coláistí Pobail, agus as raon leathan ionaid agus seirbhísí breisoideachais, aosoideachais agus oiliúna. Tá dea-cháil bainte amach againn as oideachas cuimsitheach, nuálach ar ardchaighdeán a chur ar fáil, a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail ar fad.

Baineann ár scoileanna BOO leas mór as an raon leathan tacaíochtaí agus seirbhísí a chuireann an BOO áitiúil ar fáil. Cuireann na BOOnna tacaíochtaí rialachais, oideachais, airgeadais, Acmhainní Daonna (AD) agus Teicneolaíochta Faisnéise (TF) ar fáil do scoileanna. Bíonn tionchar díreach aige sin ar na daltaí agus ar na teaghlaigh a fhreastalaíonn ar na scoileanna seo, cionn is go ligeann sé do lucht ceannais na scoileanna díriú ar an bpríomhthasc atá rompu, is é sin teagasc agus foghlaim. Cinntítear na caighdeáin feabhais is airde ar fad inár scoileanna ar an gcaoi sin. Is féidir leis na BOOnna seirbhís luachmhar a sholáthar freisin do thuismitheoirí na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna BOO trína gcláir aosoideachais.

 

CÉN tEISPÉIREAS A BHEIDH AG MO LEANBH AR SCOIL BOO?

Déanann scoileanna BOO a ndícheall comhdheiseanna a chur ar fáil do gach dalta chun bheith rannpháirteach sa churaclam agus i saol na scoile. Caitear go cothrom i ngach gné de shaol na scoile le gach duine dár bpobail scoile, beag beann ar chine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht den Lucht Siúil, gnéaschlaonadh, cumas nó stádas socheacnamaíoch. Cuirtear timpeallacht fhisiceach agus shóisialta slán ar fáil inár scoileanna ina gcothaítear braistint chómhuintearais i bpobal na scoile agus sa tsochaí i gcoitinne. Déanann siad a ndícheall cuidiú leis na daltaí go léir barr a gcumais a bhaint amach, beag beann ar ghné ar bith dá bhféiniúlacht ná dá gcúlra. Cuireann ár scoileanna oideachas atá go hiomlán uileghabhálach chun cinn, lena n-aithnítear gurb ann do neart féiniúlachtaí, creidiúintí agus luachanna éagsúla i measc na scoláirí, na dtuismitheoirí agus na mball foirne.

SCOIL NUA A OSCAILT

Is í an Roinn Oideachais (RO) a shocraíonn cá háit a dteastaíonn scoileanna nua agus cathain a theastaíonn siad i gceantair a bhfuil fás déimeagrafach iontu. Iarrtar ar thuismitheoirí incháilithe vótáil ar son a rogha scoil tríd an gCóras Próiseála Pátrúnachta ar Líne. Má chuireann formhór na dtuismitheoirí in iúl tríd an bpróiseas sin gur mhaith leo scoil BOO, bunófar Scoil Náisiúnta Phobail (bunscoil) nó Coláiste Pobail (iar-bhunscoil) sa cheantar.
Le heolas a fháil faoi na comórtais phátrúnachta atá ar na bacáin, téigh chuig https://patronage.education.gov.ie/ 

Cuir aithne ar Chomhordaitheoir Éitis ár Scoileanna
Caroline Daly – carolinedaly@ddletb.ie