DDLETB Ethos Logo 2022 - IrishIs scoil stáit, chomhoideachais agus il-sainchreidmheach í gach scoil BOO. Mar bhonn agus mar thaca ag Éiteas an BOO tá bunluachanna amhail Barr Feabhais san Oideachas, Cúram, Meas, Comhionannas agus Pobal. 

BUNLUACH: CÚRAM 

I scoil BOO, baineann an cúram le leas, folláine agus sábháilteacht gach ball de phobal na scoile. Léirítear é i gcaidrimh bhríocha, i gcóngas, agus i gcomhbhá, in éineacht le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht. 

BUNLUACH: POBAL 

I scoil BOO, cuimsítear daltaí, baill foirne, tuismitheoirí agus an pobal áitiúil sa phobal. Is é atá i gceist leis sin ná fís, luachanna agus cuspóir comhroinnte, chomh maith le braistint chómhuintearais agus glór a n-éistear leis. Léirítear é i gcomhoibriú táirgiúil, rannchuidiú dearfach agus cumarsáid éifeachtach idir gach ball de phobal na scoile. 

BUNLUACH: COMHIONANNAS 

I scoil BOO, is é atá i gceist le comhionannas ná caitheamh go cothrom le gach ball de phobal na scoile agus éagsúlacht na mball seo a aithint agus a cheiliúradh. Léirítear é trí acmhainní a dhíriú orthu siúd a bhfuil gá acu leo agus tosaíocht a thabhairt do chultúr na cuimsitheachta. 

BUNLUACH: BARR FEABHAIS SAN OIDEACHAS 

Socraíonn éiteas scoile an BOO go bhfuil bunluachanna an chúraim, an mheasa, an phobail agus an chomhionannais mar bhonn agus mar thaca ag an mbarr feabhais san oideachas. 

BUNLUACHANNA: IL-SAINCHREIDMHEACH 

I scoil BOO, is é a chiallaíonn ‘il-sainchreidmheach’ ná fáilte a chur roimh chách chuig bpobal na scoile beag beann ar an reiligiún ná ar an gcreideamh atá acu agus ceiliúradh a dhéanamh ar gach uile dhuine acu. Baineann sé le caidrimh a fhorbairt atá measúil agus atá buíoch as difríochtaí dá leithéid, mar aon le hidirghníomhaíochtaí a chothaíonn agus a cheiliúrann na difríochtaí sin agus a dhéanann iniúchadh orthu. 

BUNLUACH: MEAS 

I scoil BOO, is é atá i gceist le meas ná tacú le dínit agus cearta gach duine de phobal na scoile agus aitheantas a thabhairt d’fhéiniúlacht agus cúlra gach duine acu. Léirítear é sna caidrimh a chothaítear idir gach ball de phobal na scoile agus sa chinnteoireacht a mbíonn tionchar dearfach aici ar chearta, ar mhothúcháin agus ar mhianta na ndaoine éagsúla laistigh de phobal na scoile.