Turais phíolótacha ar sheirbhísí leabharlainne áitiúla á n-eagrú ag an tSeirbhís Oideachais Aosaigh

Mar chuid de phrótacal náisiúnta nua maidir le comhoibriú idir an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil/Seirbhísí Leabharlainne Contae agus Boird Oideachais agus Oiliúna, bhí mic léinn agus foireann ó Sheirbhís Oideachais Aosaigh Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas ag freastal ar thurais ar Leabharlann an Chontae i dTamhlacht. Tá an prótacal seo fós sa chéim phíolótach, ach cheana féin tá sé imithe chun tairbhe Leabharlann Thamhlachta agus Seirbhís Oideachais Aosaigh BOOÁCDL go bhfuil baill foirne agus mic léinn cláraithe leis an leabharlann agus go bhfuil úsáid níos mó á baint as an leabharlann chun ranganna oideachais aosaigh a éascú.