Vótála do Thuismitheoirí maidir leis na Bunscoileanna

Is mór ag BOOÁCDL a fhógairt go bhfuil an Tairseach Vótála do Thuismitheoirí maidir leis na Bunscoileanna atá le hOscailt i Meán Fómhair 2021 AR OSCAILT ANOIS.

Binn Éadair, Domhnach Míde, Baile Átha Cliath 13. – 8 Seomra Ranga. Ainmnithe mar Ghaelscoil.

An Naigín, Cill Iníon Léinín – 8 Seomra Ranga. Iarrfar ar thuismitheoirí vótáil dá rogha teanga (Gaeilge nó Béarla)

Chun vótáil / do rogha a chur in iúl sa Chomórtas Pátrúnachta, cliceáil anseo: https://patronage.education.gov.ie 

Tá pátrún gach scoile fós le socrú. Déanfar na cinntí maidir le pátrúnacht na scoileanna ar bhonn rogha na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí a bhfuil cónaí orthu sna ceantair pleanála scoile a mbeidh na scoileanna nua ag freastal orthu agus ar bhonn an leibhéil éagsúlachta atá ar fáil sna ceantair sin faoi láthair.

Baileofar na roghanna i suirbhé a dtugtar an Córas Próiseála Pátrúnachta ar Líne (CPPAL) air.   Le rochtain a fháil ar an gcóras le vótáil / do rogha a chur in iúl, beidh d’éirchód agus uimhir PSP do linbh de dhíth ort.  Ní mór do d’éirchód a bheith sa cheantar déimeagrafach atá i gceist le vótáil.  Má bhíonn aon deacrachtaí agat nó má bhíonn ceist agat faoi d’éirchód nó rochtain ar an CPPAL, déan teagmháil le opps@education.gov.ie

Tá BOOÁCDL tar éis cur isteach ar phátrúnacht an dá scoil nua agus táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí tacú linn ach vótáil ar son Scoil Náisiúnta Phobail faoi scáth BOOÁCDL.

Téigh chuig an láithreán gréasáin ar leith atá againn maidir leis an Scoil Náisiúnta Phobail ag www.cns.ie le breathnú ar Mhúnla na Scoile Náisiúnta Pobail agus le faisnéis a chur ar ár gclár ilchreidmheach ‘Goodness Me, Goodness You’.
Má bhíonn aon cheist agat faoi Mhúnla na Scoile Náisiúnta Pobail nó faoinár n-iarratas ar phátrúnacht, téigh i dteagmháil le janetmurphy@ddletb.com
Le tuairiscí chun dáta a fháil faoi na scoileanna i do cheantarsa, lean ar Facebook, Instagram agus Twitter muid
An Naigín, Cill Iníon Léinín:
www.facebook.com/DDLETBSouthDublin
www.instagram.com/southdublinschools

Binn Éadair, Domhnach Míde, Baile Átha Cliath 13:
www.facebook.com/howthdonaghmedeschools
www.instagram.com/howthdonaghmedeschools

An dá cheantar:
www.twitter.com/cnsinyourarea

Chun vótáil / do rogha a chur in iúl sa Chomórtas Pátrúnachta, cliceáil anseo: https://patronage.education.gov.ie

*Tabhair faoi deara nach ionann rogha tuismitheora a chur in iúl maidir le pátrúnacht scoile agus iarratas a dhéanamh ar ligean isteach. Tar éis bhunú na scoile, beidh ort iarratas a chur go díreach faoi bhráid na scoile más mian leat do leanbh a chlárú.  Chomh maith leis sin, fiú mura bhfuil tú incháilithe vótáil de bharr nach bhfuil d’éirchód sa cheantar, ní gá go gciallódh sé sin nach mbeifeá in ann do leanbh a chlárú sa scoil tar éis a bunaithe.  Ní úsáidtear córas na n-éirchód ach chun críche na vótála.