

Seirbhís do
Chustaiméirí
Déan iniúchadh ar an Rannóg seo
Cuirimid fáilte roimh thráchtanna agus moltaí uait faoinár gcuid seirbhísí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Seirbhísí Custaiméara ag customerservice@ddletb.ie
Nós Imeachta do Chustaiméirí chun Gearáin a Dhéanamh
Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar duit. Déanfaimid iarracht caighdeán ár seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú agus a laghad botún is féidir a dhéanamh. Mar sin féin, aithnímid go ndéantar botúin nó go mbíonn moill ar chúrsaí ó am go chéile.
Mura bhfuil tú sásta leis na seirbhísí uainn, ba chóir duit é sin a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn a bheith ag obair chun feabhas a chur orthu. Cuirimid fáilte roimh aiseolas uait agus is faoi rún a phléifimid le gearáin uait.
Cad atá clúdaithe ag an Nós Imeachta dár gcuid maidir le Gearán a Dhéanamh?
Clúdaíonn an Nós Imeachta maidir le Gearán a dhéanamh gearáin faoi dheacrachtaí cosúil le moill, botúin agus drochsheirbhísí do chustaiméirí
Cad nach bhfuil clúdaithe ag an Nós Imeachta dár gcuid maidir le Gearán a Dhéanamh?
Gearáin ó Thuismitheoirí/Caomhnóirí scoláire faoi bhun 18 mbliana, nó ó scoláire atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn atá cláraithe faoi láthair i scoil/ionad, i gcoinne ball foirne atá fostaithe ag BOOÁCDL. I gcás gearáin den chineál sin, féach le do thoil ar an Nós Imeachta Gearáin an BOO
Cinneadh ón Bhord Bainistíochta scoile i dtaobh dalta a eisiamh go buan, dalta a chur ar fionraí nó diúltú leanbh a chlárú. I gcás gearáin den chineál sin, féach le do thoil ar Achomhairc faoi Alt 29
Cúrsaí beartais
Cúrsaí atá faoi réir dlíthíochta
Cúrsaí a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman nó an Choimisinéara Faisnéise
Conas Gearán a dhéanamh faoin Nós Imeachta seo
Is féidir gearán (i nGaeilge nó i mBéarla) faoi sheirbhís a sholáthraímid a dhéanamh trí theacht i láthair tú féin, ar an teileafón, ar fhacs, i scríbhinn nó ar an ríomhphost.
Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a chur in iúl do bhaill foirne BOOÁCDL sa roinn/ionad lena mbaineann an gearán, ó bhéal nó i scríbhinn. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht do ghearán a réiteach gan mhoill.
Mura féidir do ghearán a réiteach ar an leibhéal áitiúil nó má tá tú míshásta leis an bhfreagra a fuair tú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an té seo:
An tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard Thoir
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Teileafón: 01 4529 600
Ríomhphost: customerservice@ddletb.ie
An fhaisnéis nach mór duit a chur ar fáil dúinn:
- D’ainm agus do sheoladh, seoladh ríomhphost agus uimhir theileafóin.
- Mionsonraí faoin rud go díreach a bhfuil tú míshásta leis.
- Ainm na roinne/na scoile/an ionaid agus an oifigigh nó na n-oifigeach a raibh tú ag déileáil leo.
- Má tá do ghearán casta, b’fhéidir go n-oirfeadh sé duit é a chur i scríbhinn ionas nach ndéanfar dearmad ar aon mhionsonraí tábhachtacha. Ná déan dearmad cóipeanna den cháipéisíocht agus den chomhfhreagras ábhartha go léir a d’fhéadfadh a bheith faighte nó seolta agat a sheoladh chugainn.
Cad iad na céimeanna a ghlacfar ó thaobh déileáil leis an ngearán uait?
Déileálfaimid le do ghearán faoi rún, go cothrom agus go héifeachtach. Cuirfimid freagra ar fáil duit tar éis dúinn breithniú iomlán a dhéanamh ar chineál agus ar mhéid an ghearáin. Is chun leasa an Bhoird é go ndéantar gearán a réiteach chomh luath agus is féidir. Déileálfar leis na gearáin uile a gheobhaidh an tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí mar seo a leanas:
- Admháil scríofa laistigh de 5 lá oibre
- Freagra, i dteanga shimplí, laistigh de 20 lá oibre (mura féidir an sprioc sin a chomhlíonadh, cuirfimid in iúl duit é agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin go dtí go mbeidh an t-ábhar réitithe)
- Luafar ainm teagmhála, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist sa fhreagra.
Achomhairc
Má tá tú míshásta le toradh an athbhreithnithe a rinne an tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí, is féidir leat achomharc a dhéanamh i leith an ábhair chuig:
Jennifer Talbot
Príomh-Oifigeach Cúnta
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard Thoir
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
D24X62W
Oifig an Ombudsman:
Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra ar ghearán/achomharc, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách agus saor in aisce le húsáid.
Is é an bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná:
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag www.ombudsman.ie
- Nó scríobh chuig: Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
- Nó glaoigh ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má tá cabhair uait i dtaca le do ghearán a dhéanamh.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an Ombudsman gearáin faoi bhreithiúnas acadúil a fhiosrú. Chun tuilleadh eolais a fháil ar bhreithiúnas acadúil, déan athbhreithniú ar bhileog eolais an Ombudsman maidir le seirbhísí oideachais atá ar fáil ar a láithreán gréasáin. Is féidir leat dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman freisin.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach achomharc ar chinneadh atá i bpróiseas an Ombudsman, ach imscrúdú ar na gníomhartha riaracháin a rinne ár n-oifig inár n-idirghníomhaíochtaí leat agus i seachadadh na seirbhísí a chuirimid ar fáil.
Contact Us
Head Office:
Phone 01- 4529600
9.00 am – 1 pm & 2pm – 5pm
Monday to Friday
Email:
General Enquiries:
info@ddletb.ie
Charity Number: 20083526
Glaoigh orainn
Fón 01- 4529600
9.00 am - 1 pm & 2pm - 5pm
Luan go hAoine
Ríomhphost:
Fiosrúcháin Ghinearálta:
info@ddletb.ie
Uimhir charthanachta: 20083526