Faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí a thagann faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise an oiread eolais agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú go tráthúil ar bhonn oscailte, inrochtana lasmuigh de cheangaltais na saorála faisnéise féin, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach in Alt 8(5) agus Alt 11(3) den Acht. Déanta foráil leis sin maidir le taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh de Shaoráil Faisnéise ar choinníoll nach bhfuil sé toirmiscthe faoin dlí an fhaisnéis sin a fhoilsiú nó rochtain a thabhairt uirthi. Faoin scéim, ní mór do chomhlachtaí a thagann faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo. Féach Samhailscéim Foilseacháin BOOÁCDL um Shaoráil Faisnéise thíos. Tabharfaidh gach nasc thú chuig leathanach ar a bhfuil eolas ábhartha sa chatagóir chomh maith le naisc chuig an eolas ábhartha ar láithreán gréasáin BOOÁCDL. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis atá uait anseo, b’fhéidir gur mhaith leat cuardach a dhéanamh ar an láithreán gréasáin, nó teagmháil a dhéanamh le info@ddletb.ie. Mura bhfuil an fhaisnéis á cur ar fáil go poiblí faoi láthair ag BOOÁCDL, d’fhéadfá smaoineamh ar iarraidh um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.

Tá an chuid seo den láithreán gréasáin á nuashonrú go leanúnach.

Eolas Ginearálta faoi BOOÁCDL

Faisnéis Airgeadais

Eolas faoi Nósanna Imeachta Cinnteoireachta

Eolas faoi Fheidhmeanna agus Seirbhísí a Sholáthraítear

Eolas faoi Chúrsaí Soláthair

Eolas Ilghnéitheach

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital