Cuirimid fáilte roimh thráchtanna agus moltaí uait faoinár gcuid seirbhísí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Seirbhísí Custaiméara ag customerservice@ddletb.ie

Nós Imeachta do Chustaiméirí chun Gearáin a Dhéanamh
Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar duit.  Déanfaimid iarracht caighdeán ár seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú agus a laghad botún is féidir a dhéanamh.  Mar sin féin, aithnímid go ndéantar botúin nó go mbíonn moill ar chúrsaí ó am go chéile.
Mura bhfuil tú sásta leis na seirbhísí uainn, ba chóir duit é sin a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn a bheith ag obair chun feabhas a chur orthu.  Cuirimid fáilte roimh aiseolas uait agus is faoi rún a phléifimid le gearáin uait.

Cad atá clúdaithe ag an Nós Imeachta dár gcuid maidir le Gearán a Dhéanamh?
Clúdaíonn an Nós Imeachta maidir le Gearán a dhéanamh gearáin faoi dheacrachtaí cosúil le moill, botúin agus drochsheirbhísí do chustaiméirí

Cad nach bhfuil clúdaithe ag an Nós Imeachta dár gcuid maidir le Gearán a Dhéanamh?
Gearáin ó Thuismitheoirí/Caomhnóirí scoláire faoi bhun 18 mbliana, nó ó scoláire atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn atá cláraithe faoi láthair i scoil/ionad, i gcoinne ball foirne atá fostaithe ag BOOÁCDL. I gcás gearáin den chineál sin, féach le do thoil ar an gCód Cleachtais dár gcuid – Code of Practice – NEED HYPERLINK

Cinneadh ón Bhord Bainistíochta scoile i dtaobh dalta a eisiamh go buan, dalta a chur ar fionraí nó diúltú leanbh a chlárú. I gcás gearáin den chineál sin, féach le do thoil ar Achomhairc faoi Alt 29 

Cúrsaí beartais

Cúrsaí atá faoi réir dlíthíochta

Cúrsaí a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman nó an Choimisinéara Faisnéise

Conas Gearán a dhéanamh faoin Nós Imeachta seo
Is féidir gearán (i nGaeilge nó i mBéarla) faoi sheirbhís a sholáthraímid a dhéanamh trí theacht i láthair tú féin, ar an teileafón, ar fhacs, i scríbhinn nó ar an ríomhphost.

Ar an gcéad dul síos, ba chóir an gearán a chur in iúl do bhaill foirne BOOÁCDL sa roinn/ionad lena mbaineann an gearán, ó bhéal nó i scríbhinn.  Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht do ghearán a réiteach gan mhoill.

Mura féidir do ghearán a réiteach ar an leibhéal áitiúil nó má tá tú míshásta leis an bhfreagra a fuair tú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an té seo:

An tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard Thoir
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
Teileafón:       01 4529 600
Ríomhphost:                customerservice@ddletb.ie

An fhaisnéis nach mór duit a chur ar fáil dúinn:

  • D’ainm agus do sheoladh, seoladh ríomhphost agus uimhir theileafóin.
  • Mionsonraí faoin rud go díreach a bhfuil tú míshásta leis.
  • Ainm na roinne/na scoile/an ionaid agus an oifigigh nó na n-oifigeach a raibh tú ag déileáil leo.
  • Má tá do ghearán casta, b’fhéidir go n-oirfeadh sé duit é a chur i scríbhinn ionas nach ndéanfar dearmad ar aon mhionsonraí tábhachtacha.  Ná déan dearmad cóipeanna den cháipéisíocht agus den chomhfhreagras ábhartha go léir a d’fhéadfadh a bheith faighte nó seolta agat a sheoladh chugainn.

Cad iad na céimeanna a ghlacfar ó thaobh déileáil leis an ngearán uait?
Déileálfaimid le do ghearán faoi rún, go cothrom agus go héifeachtach.  Cuirfimid freagra ar fáil duit tar éis dúinn breithniú iomlán a dhéanamh ar chineál agus ar mhéid an ghearáin.  Is chun leasa an Bhoird é go ndéantar gearán a réiteach chomh luath agus is féidir.  Déileálfar leis na gearáin uile a gheobhaidh an tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí mar seo a leanas:

  • Admháil scríofa laistigh de 5 lá oibre
  • Freagra, i dteanga shimplí, laistigh de 20 lá oibre (mura féidir an sprioc sin a chomhlíonadh, cuirfimid in iúl duit é agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin go dtí go mbeidh an t-ábhar réitithe)
  • Luafar ainm teagmhála, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist sa fhreagra.

Achomhairc

Má tá tú míshásta le toradh an athbhreithnithe a rinne an tOifigeach um Sheirbhísí do Chustaiméirí, is féidir leat achomharc a dhéanamh i leith an ábhair chuig:
Jennifer Talbot
Príomh-Oifigeach Cúnta
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard Thoir
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
D24X62W

Ról an Ombudsman:
Má tá tú míshásta le toradh na nósanna imeachta gearáin agus achomhairc, féadfaidh tú a iarraidh go scrúdóidh an tOmbudsman do ghearán.

Sonraí Teagmhála:
Seoladh:       18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teil:               01 6785222
Facs:              01 6610570
Láithreán Gréasáin:       www.ombudsman.gov.ie

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital