Tá sé de cheart ag duine rochtain a bheith aige nó aici ar Fhaisnéis Phearsanta agus ar Fhaisnéis Neamhphearsanta atá i seilbh BOOÁCDL trí na modhanna seo a leanas:

  • Beartas um Rochtain Riaracháin,
  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • Na hAchtanna um Chosaint Sonraí

Beartas um Rochtain Riaracháin
Faoin Rochtain Riaracháin cuirfear an fhaisnéis chuí go léir ar fáil don iarrthóir faoi réir cúinsí príobháideachta, cúinsí rúndachta agus cúinsí a bhaineann le leas an phobail. Tá sé ina bheartas ag BOOÁCDL tacú leis an gceart atá ag duine chun féachaint cén fhaisnéis atá ar seilbh aige faoin duine sin.   Go ginearálta, ba cheart rochtain ar thaifid an duine féin a sholáthar ar bhonn riaracháin (faoi réir eisceachtaí).

Íoslódáil an Beartas um Rochtain Riaracháin agus féach air

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
Tá BOOÁCDL cumhdaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ón Máirt an 14 Aibreán 2015.

Cad is Saoráil Faisnéise ann?
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, tá an ceart ag duine rochtain a bheith aige nó aici ar thaifid atá i seilbh na gcomhlachtaí a thagann faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise (SF). Ní mór do chomhlachtaí lena mbaineann SF míniú a thabhairt duit mura dtabharfar duit an méid a d’iarr tú agus ní mór an cinneadh a dhéanamh laistigh de 4 sheachtain de ghnáth.

Cad is féidir liom a iarraidh?
Is féidir leat aon cheann de na rudaí seo a leanas a iarraidh.

  • Taifead ar bith a bhaineann leatsa go pearsanta, cibé uair a cruthaíodh é
  • Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an dáta feidhme (Aibreán 2008)

Céard is taifead ann?
Áirítear le taifead leabhar nó ábhar scríofa nó clóite eile, cibé foirm ina bhfuil sé, lena n-áirítear ábhar atá ar aon ghléas leictreonach.  Cumhdaítear leis léarscáil, plean nó líníocht, diosca, téip nó scannán ina bhfuil íomhánna físe nó neamhfhíse nó cóip d’aon cheann díobh sin.

An gá dom íoc chun faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Más iarraidh ar fhaisnéis phearsanta atá i gceist, ní ghearrtar aon táille mura bhfuil líon mór taifead i gceist.

I gcás iarrataí a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta gearrtar táillí ar chuardach, ar aisghabháil agus ar chóipeáil. Is é Alt 27(2) an chuid ábhartha den Acht agus baineann na táillí sin leis na nithe seo a leanas:

  1. A chinneadh cibé an bhfuil an fhaisnéis a iarradh ar seilbh nó nach bhfuil;
  2. An fhaisnéis nó doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú
  3. An fhaisnéis nó na doiciméid sin a aisghabháil
  4. An fhaisnéis a fháil as na comhaid, na doiciméid, na foinsí leictreonacha nó na foinsí eile faisnéise ina bhfuil an fhaisnéis féin agus ábhar eile nach mbaineann leis an iarraidh, agus
  5. Sceideal a ullmhú ina sonrófar na taifid atá le breithniú lena gcur ar fáil.

Maidir leis na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála tá teorainn íosta €101 i bhfeidhm nach féidir táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoina bun. Nuair is mó an táille ná €101, gearrtar an táille iomlán.  Tá teorainn uasta €500 ar an méid is féidir a ghearradh.  Tá teorainn uasta eile €700 i bhfeidhm maidir le táillí measta i dtaobh cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála agus féadfaidh comhlacht diúltú d’iarratas os cionn an leibhéil sin a phróiseáil mura bhfuil an t-iarrthóir sásta an iarraidh a bheachtú ionas go mbeidh sí faoin teorainn.

Tá táillí eile i bhfeidhm ar athbhreithniú inmheánach faoi Alt 22, is é sin €30 agus €10 i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe. Is iad €50 agus €15 na táillí a ghearrtar ar achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh?
Is féidir. Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh, is féidir leat athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg. Is éard atá ansin ná athbhreithniú iomlán úrnua ar d’iarraidh a dhéanfaidh duine níos sinsearaí. Mura bhfuil tú sásta go fóill ina dhiaidh sin, is féidir leat achomharc i leith an chinnidh sin a chur faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Conas a dhéanfaidh mé Iarraidh Saorála Faisnéise?

Ní mór iarrataí a dhéanamh i scríbhinn chuig an Oifigeach Saorála Faisnéise, Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.  Is féidir iarrataí a dhéanamh ar an ríomhphost freisin.

Agus iarraidh á déanamh agat ní mór duit:

An iarraidh a chur i scríbhinn chuig an Oifigeach Saorála Faisnéise, Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

  • a shonrú go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
  • an iarraidh a leagan amach ar shlí atá soiléir go leor ionas go dtuigfidh an tOifigeach Saorála Faisnéise cé na taifid atá á n-iarraidh. I gcásanna nach léir cé na taifid atá á n-iarraidh, cabhróidh BOOÁCDL leis an iarrthóir a iarraidh nó a hiarraidh a shonrú sa chaoi is gur féidir na taifid atá á lorg a aithint
  • Más faisnéis phearsanta tá á lorg agat, beidh ort an t-aitheantas cuí a sholáthar de réir mar is gá
  • I gcásanna ina bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid faoi alt 37(8), beidh ort sonraí breise a sholáthar chun na cearta sin a fheidhmiú

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise

Le haghaidh eolas breise, seol ríomhphost chuig: foi@ddletb.ie

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí
Tá foráil sna hAchtanna um Chosaint Sonraí maidir le cearta rochtana den chineál céanna is a bhforáiltear dóibh sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Is é an príomhdhifríocht eatarthu ná nach bhfuil feidhm ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí maidir le taifid daoine éagtha. Mar atá amhlaidh i gcás na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, cumhdaíonn na cearta sin taifid phearsanta aonair an duine féin agus, i gcúinsí sonracha, taifid a gcuid leanaí.   Tá foráil maidir le díolúintí sna hAchtanna, agus fágann sé sin go bhfuil cúinsí sonracha ann nach soláthrófar an fhaisnéis a hiarradh.   Má bhaintear leas as aon cheann de na díolúintí sin chun faisnéis a choinneáil siar, míneofar na cúiseanna go soiléir duit.

Is é is Cosaint Sonraí ann ná cosaint cearta príobháideachta daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Soláthraíonn duine faisnéis faoi féin nó fúithi féin do go leor eagraíochtaí, lena n-áirítear BOOÁCDL, chun leas a bhaint as seirbhísí nó oibleagáidí a chomhlíonadh.   Chun críocha Cosanta Sonraí, tugtar Rialaitheoirí Sonraí ar a leithéid d’eagraíochtaí nó de dhaoine aonair a rialaíonn inneachar agus úsáid sonraí pearsanta.