Coláistí Breisoideachais BOOÁCDL agus EUCOPP

Faoi láthair tá múinteoirí ó na Coláistí Breisoideachais dár gcuid ag glacadh páirt i dtionscadal Eorpach le comhpháirtithe oideachais san Iorua agus san Eastóin.  Tá sé mar aidhm ag an tionscadal, ar a dtugtar EUCOPP (Comhphobail Eorpacha um Chleachtas Gairmiúil nó European Communities of Professional Practice) pobail um chleachtas gairmiúil a chothú do mhúinteoirí laistigh de BOOÁCDL agus ar an leibhéal Eorpach.  Tá an tionscadal dírithe ar réimsí gairmoideachais an Chúraim Sláinte agus an Chúraim Leanaí agus, mar chuid de, táthar ag déanamh scrúdú ar an gcaoi a gcuireann ár gcomhpháirtithe Eorpacha ábhair lárnacha nach mbaineann go sonrach le gairmeacha san áireamh i gcúrsaí a bhaineann le gairmeacha ar leith.  Seoladh an tionscadal i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus, i mí na Samhna, thosaigh múinteoirí ó 8 gcoláiste atá faoi choimirce BOOÁCDL ag glacadh páirt sa chéad chéim den chlár.

Is tionscadal dhá bhliain é EUCOPP faoina dtabharfaidh múinteoirí ón Eastóin agus ón Iorua cuairt ar Éirinn chun seal a chaitheamh ag scáthfhoghlaim ónár gcuid múinteoirí i roinnt coláistí breisoideachais.  Rachaidh múinteoirí ó BOOÁCDL go Trondheim san Iorua agus go Haapsalu san Eastóin chun foghlaim faoin ngairmoideachas sna tíortha sin agus chun breathnú ar mhodhanna teagaisc agus ar chleachtais teagaisc.

Ar an 13 Samhain, tháinig grúpa seachtar múinteoirí agus bainisteoirí ó dhá choláiste gairmoideachais in Trondheim na hIorua (Kristen Videregående Skole Trøndelag (KVT) agus Orkdal Videregående Skole) go Baile Átha Cliath le haghaidh cuairt scáthfhoghlama trí lá lenár gcuid coláistí breisoideachais. I rith na cuairte, bhabhtáil múinteoirí a lán smaointe agus eolais maidir lena gcuid sainréimsí gairmoideachais, a gcleachtas teagaisc agus, ar ndóigh, a gcuid scoláirí.

Sula ndeachaigh siad abhaile, ghabh na múinteoirí ón Iorua buíochas le BOOÁCDL as an bhfáilte fhial a cuireadh rompu agus as caighdeán an chláir a bhí leagtha amach dá gcuairt.  Mhol siad an méid a bhí foghlamtha acu ón gcleachtas a chonaic siad sna ranganna ar thug siad cuairt orthu agus chuaigh an caidreamh a bhí le feiceáil idir…