DDLETB Reach Fund Featured Image Irish 1

Ag Glacadh le hIarratais ar Chiste Reach Anois – 31 Lúnasa 2022

Ag Glacadh le hIarratais ar Chiste Reach Anois – (ar a dtugtí an Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF))
Cuireadh oscailte do sholáthraithe/ghrúpaí oideachais pobail cur isteach ar mhaoiniú tacaíochta

An 31 Lúnasa 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

GLAOIGH ORAINN

reachfund@ddletb.ie

Reach Fund Guidelines

DDLETB Reach Fund Irish

DDLETB Reach Fund Irish

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i gceannas ar an bhfreagairt náisiúnta oideachais dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin

Sé cinn déag de phointí ilfhreastail do gach scoil, ranganna Béarla agus gléasanna TFC i measc na mbeart

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) ag comhordú forbairt sé cinn déag d’Fhoirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga ilghníomhaireachta (REALT), ag freagairt don ghá atá le ranganna Béarla agus ríomhairí glúine agus táibléid a chur ar fáil chun tacú le scoileanna atá ag soláthar áiteanna do leanaí ón Úcráin.

Cuimsíonn gach Foireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga gairmithe agus ionadaithe ó Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tulsa, seirbhísí síceolaíochta scoile, speisialtóirí oideachais speisialta agus comhlachtaí bainistíochta scoile. Tá an méid seo a leanas ag BOOanna freisin
• Comhordaitheoir tiomnaithe chun tacú le gach Foireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga
• Ríomhphost tacaíochta scoile agus uimhir theileafóin tiomnaithe
• Clár tiomnaithe de ghléasanna TFC (ríomhairí glúine, táibléid, agus gléasanna móibíleacha eile) chun ríomhfhoghlaim a éascú.

Cé gurb í an scoil an príomhphointe teagmhála i gcónaí do theaghlaigh na hÚcráine a bhfuil áiteanna á lorg acu dá leanaí, cabhróidh na Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga leis na scoileanna sin maidir le tacú le hacmhainneacht, eolas agus acmhainní a roinnt lena n-áirítear iad siúd le haghaidh ESOL (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).

Beidh ról lárnach ag seirbhísí Breisoideachais & Oiliúna BOO maidir le seachadadh ESOL (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile) agus soláthrófar
• Pointe teagmhála amháin le haghaidh soláthar ESOL trína nOifigeach Oideachais d’Aosaigh
• Rochtain ar líonra seirbhísí treorach d’aosaigh ar fud na tíre
• Foireann uirlisí ESOL um Fhoghlaim Teaghlaigh.

Ag fáiltiú dó roimh na forbairtí seo, dúirt Ard-Rúnaí BOOÉ Paddy Lavelle: “Mar gheall ar ár suíomhanna ar fud na tíre agus ár dtacaíochtaí riaracháin intí, tá Boird Oideachais agus Oiliúna sároiriúnach chun an fhreagairt seo a chomhordú i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ar fud na hearnála scoile ar fad. Teastaíonn uainn nach mbeadh aon strus i gceist leis an iontráil tosaigh isteach inár gcóras oideachais do mhuintir na hÚcráine. Tá ceannaire ainmnithe ceaptha ag BOOÉ freisin chun tacú lenár mbaill BOO agus táimid i ndlúth-theagmháil leis an Roinn Oideachais agus leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.”

“Bhí an-áthas orm freisin scéalta croíúla agus chomhbhácha a chloisteáil faoinár BOOanna, a bhfoireann agus a bhfoghlaimeoirí ó na seisiúin eolais i gCo. Bhaile Átha Cliath go dtí an ceol agus damhsa traidisiúnta agus ranganna Béarla do thuismitheoirí & do naíonáin i gContae an Chláir,” a dúirt sé.

ETBI Press Release Irish

ETBI Press Release RUSSIAN

ETBI Press Release UKRAINIAN

Ireland’s Education and Training Boards lead national education response to those fleeing Ukraine