Lá na nGaelcholáistí – DDLETB

La na nGaelcholaisti DDLETB

La na nGaelcholaisti DDLETB

Lá na nGaelcholáistí 

Bhí teacht le chéile ag Gaelcholáistí agus Aonad an BOOÁCDL ar an 26 Lúnasa ag cur tús don bhliain acadúil 23/24. Tháinig baill foirne ón gcúig scoil ar fad le chéile san Óstán Plaza i dTamhlacht faoin téama ‘ag cur le Teagasc agus Foghlaim i Suíomh Lán-Ghaeilge.’  

Bhí atmaisféar fuinniúil, spleodrach, gaelach le brath ann agus tugadh seans do na múinteoirí ar fad plé faoi na dea-chleachtais atá i bhfeidhm acu agus na dúshláin ar leith atá rompu.  

Thosaigh an ócáid le fáilte ón stiúrthóir scoile Adrian Flynn. Bhí cuir i láthair againn ó mhuintir COGG, Gean Gilger ón ETBI agus Cormac Breathnach ó Foclóir.ie. Bhí an Dr. Sarah NÍ Dhuinnín (Ollscoil Luimnigh) mar phríomhchainteoir againn ag plé cúrsaí FCÁT agus bhí straitéisí thar a bheith tairbheach aici don seomra ranga. Bhí cuir i láthair iontacha i measc ár scoileanna féin. Rinne Ciarán Ó Caomhánaigh (Gaelcholáiste Reachrann) plé faoi mheasúnaithe neamhfhoirmiúla sa seomra ranga. Bhí cur i láthair ag Mhairéad Ní Mhathúna (Coláiste Chilliain) ar an bplean feabhsúcháin scoile atá dírithe ar úsáid na Gaeilge sa scoil.  

Rinne Edel Ní Arrachtáin (Coláiste de hÍde) cur i láthair ar bhuíon teagaisc agus bhí plé faoi thogra TEG san Idirbhliain ag Ciarán Ó Conghaile (Coláiste Cois Life). Chríochnaigh Evelyn Ní Raghaill (Coláiste na Tulchann) le seisiún ar bhogearraí aistriúcháin Matecat chomh maith le aiseolas ar an lá.  

Bhí lá iontach rathúil againn agus táimid ag súil go mór leis an gcéad teacht le chéile againn arís. ‘Ní neart go cur le chéile’ 

La na nGaelcholaisti DDLETB meeting Plaza Hotel Tallaght

La na nGaelcholaisti DDLETB meeting Plaza Hotel Tallaght

The four Gaelcholáistí and the Aonad within the DDLETB had a networking day on the 26th August as part of the start to the academic year 23/24 in the Plaza Hotel, Tallaght.  

The theme of the day was ‘developing teaching and learning in an all-Irish language context.’ There was an energetic and  exuberant atmosphere to be felt on the day and an opportunity was given to all teachers to discuss their good practices in place as well as the challenges they are facing.  

The occasion started with a welcome from the Director of Schools Adrian Flynn. There were presentations from COGG, Gean Gilger; ETBI and Cormac Breathnach from Foclóir.ie. Dr. Sarah Ní Dhuinnín was our keynote speaker and she discussed CLIL and she had some excellent examples for the class room. 

 There were some fantastic presentations from our own schools. Ciarán Ó Caomhánaigh (Gaelcholáiste Reachrann) discussed informal assessment in the class room. Mairéad Ní Mhathúna (Coláiste Chilliain) had a presentation on the school’s improvement plan that prioritised the use of the Irish Language in the school. Edel Ní Arrachtáin (Coláiste de hÍde) presented on team teaching while Ciarán Ó Conghaile (Coláiste Cois Life) discussed the advantages of using TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) with their Transition Years. Evelyn Ní Raghaill (Coláiste na Tulchann) finished the day with a session on Matecat, a new translation software and continued with a short feedback exercise.  

The day was extremely successful and we look forward to the next occasion, ‘Ní neart go cur le chéile.’