ETBI to launch new Ethos framework for DDLETB schools

ETBI Ethos

ETBI Ethos

Tá BOOÉ chun Creat Nua Éitis a Sheoladh le hAghaidh Scoileanna BOOÁCDL

Seolfaidh Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ) Creat Phátrúin BOOÉ ar Éiteas do scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire ag ócáid Dé Céadaoin, an 23 Samhain ó 10-1in in Óstán Cill Uasaille, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Uasaille, An Nás, Co. Chill Dara.

Is scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha iad scoileanna BOO a bhfuil na croíluachanna seo a leanas mar bhonn agus mar thaca acu – barr feabhais san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas. Tacóidh Creat Phátrúin BOOÉ ar Éiteas, ar fhorbair BOOÉ agus an Lárionad um Meastóireacht, Cáilíocht agus Cigireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) é, le gach scoil BOO i mBaile Átha Cliath agus Dún Laoghaire chun a n-éiteas a forfheidhmiú. Baineann an Creat le Scoileanna Náisiúnta Pobail agus Coláistí Pobail atá faoi phátrúnacht BOOanna. Is cúis bhróid do BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire go bhfuil sé ina phátrún ar 10 Scoil Náisiúnta Phobail agus 31 Coláite Pobail.

Is í an tOllamh Anne Looney, Déan Feidhmiúcháin Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thabharfaidh an phríomhóráid ag an ócáid, agus déanfaidh Carl O’Brien, Eagarthóir Oideachais ag an Irish Times, plé painéil a stiúradh ar an téama ‘Éiteas ag Feidhmiú’, ina mbeidh baill foirne, foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ó ar fud na hearnála BOO maidir le húsáid phraiticiúil an Chreat éitis

Ag labhairt di roimh an ócáid seolta, dúirt Caitríona Murphy, Príomhfheidhmeannach BOOÁCDL: “Cuirimid fáilte roimh sheoladh Chreat Phátrúin BOOÉ ar Éiteas a athdhearbhaíonn an obair iontach atá ar siúl inár scoileanna go léir, go háirithe na nuálaíochtaí san fhoghlaim agus an teagasc, ár gcleachtais ionchuimsitheacha agus an rud is tábhachtaí, as ár dtiomantas do shármhaitheas an oideachais agus an chomhionannais araon. Soláthraíonn an Creat bealach struchtúrtha dár scoileanna freisin chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid cleachtas. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an Creat seo thar a bheith dearfach ag ár scoileanna BOO. Mar sin féin, cuirfidh an Creat ar chumas ár scoileanna réimsí a aithint ina bhféadfaidís a gcuid bunluachanna a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí. Tá BOOÁCDL agus BOOÉ lántiomanta do thacaíocht a thabhairt dár scoileanna agus an Chreat seo á chur i bhfeidhm acu”.

Tá Comhordaitheoir Éiteas ceaptha ag BOOÁCDL chun tacú le scoileanna BOO ar fud Bhaile Átha Cliath agus Dhúl Laoghaire an Creat a chur I bhfeidhm. Ag labhairt dó faoi thionchar an Chreata Éiteas, dúirt Comhordaitheoir Éiteas BOOÁCDL, Caroline Daly, “Tá an Creat seo mar bhuaic ar dheich mbliana de chomhairliúchán fairsing náisiúnta, de thaighde agus de cheapadh beartais fhíseach. Cuireann sé in iúl don chéad uair cad a chiallaíonn sé a bheith mar scoil BOO. Is lá stairiúil é inniu do phobal scoile an BOO.”

Is féidir leo siúd sna meáin ar spéis leo freastal ar an imeacht, Seoladh Chreat Phátrúin BOOÉ ar Éiteas, ríomhphost a sheoladh chuig media@alicepr.com le clárú.


Education and Training Boards Ireland (ETBI) will launch the ETBI Patrons’ Framework on Ethos for Dublin and Dún Laoghaire ETB schools at an event on Wednesday 23rd November from 10-1 p.m. in Killashee Hotel, Kilcullen Rd, Killashee, Naas, Co. Kildare.

ETB schools are state, co-educational, multi-denominational schools underpinned by the core values of excellence in education, care, equality, community and respect. The ETBI Patrons’ Framework on Ethos, which was developed by ETBI and the Centre for Evaluation, Quality and Inspection at Dublin City University (DCU), will support all ETB schools in Dublin and Dún Laoghaire living out their ethos. The Framework applies to the Community National Schools and Community Colleges under the patronage of ETBs. Dublin and Dún Loaghaire are the proud patrons of 10 Community National Schools and 31 Community Colleges.

Professor Anne Looney, Executive Dean of Dublin City University’s Institute of Education will deliver the keynote speech at the event, and Carl O’Brien, Education Editor at the Irish Times, will moderate a panel discussion on the theme ‘Ethos in Action’, featuring staff, learners and parents from across the ETB sector on the practical use of the ethos Framework.

Speaking in advance of the launch event, Caitríona Murphy, Chief Executive of DDLETB, said: “We welcome the launch of the ETBI Patrons’ Framework on Ethos which reaffirms the fantastic work that is happening in all of our schools, in particular the innovations in learning and teaching, our inclusive practices and most importantly our commitment to both excellence in education and equality. The Framework also provides our schools with a structured way of reflecting on their practices. I have no doubt that our ETB schools will find this Framework extremely affirming. However, the Framework will also enable our schools to identify areas where they could live out their core values more effectively. DDLETB and ETBI are fully committed to supporting our schools while they implement this Framework”.

An Ethos Coordinator has been appointed by DDLETB to support all of our schools across Dublin and Dún Loaghaire in the implementation of the Framework. Speaking about the impact of the Ethos Framework, DDLETB’s Ethos Coordinator, Caroline Daly, stated “This Framework is the culmination of ten years of extensive national consultation, research and visionary policymaking. It articulates for the first time what it means to be an ETB school. Today is an historic day for the ETB school community.”

Media interested in attending the event, the ETBI Patrons’ Framework on Ethos Launch can register their attendance by emailing media@alicepr.com.