Achomharc
faoi Alt 29 den Acht Oideachais

SOCRUITHE AGUS NÓSANNA IMEACHTA NUA MAIDIR LE hACHOMHAIRC FAOI ALT 29 DEN ACHT OIDEACHAIS, 1998 LE hÉIFEACHT ÓN 12 SAMHAIN 2020

Beidh feidhm ag na socruithe nua achomhairc ar achomhairc a dhéanfar ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh.

Foráiltear le hAlt 7 den Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018 go gcuirfear sraith ailt nua, a mbeidh uimhreacha ó 29 go 29F orthu, in ionad Alt 29 den Acht Oideachais, 1998.

Tá na forálacha achomhairc nua seo in Ailt 29 go 29F ceaptha chun bheith ina gcuid den chreat foriomlán ligean isteach a leagtar síos san Acht Oideachais, 2018 agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an 12 Samhain 2020.

Tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais, agus de réir Alt 29B den Acht Oideachais, 1998, chinn an tAire na nósanna imeachta seo a leanas maidir le hachomhairc chomh maith, a bheidh i bhfeidhm ón 12 Samhain 2020 ar aghaidh.

Ba chóir fiosrúcháin maidir leis an gciorclán seo a sheoladh tríd an ríomhphost chuig an Roinn ag Section29@education.gov.ie.

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoir%C3%AD/Seirbh%C3%ADs%C3%AD/Achomharc-in-aghaidh-Eisiamh-Buan-Fionra%C3%AD-n%C3%B3-Di%C3%BAlt%C3%BA/

© 2017 DDLETB | Web development by Granite Digital