Gradam AE buaite ag an gclár um Oilteacht don Saothar

Thaistil Marian Lynch (SFW), Nolette Dolan (SFW) agus Rosemarie Gibney (An Post) go dtí an Bhruiséil an tseachtain seo chun glacadh leis an nGradam Oiliúna ag an Obair 2017 de chuid Choimisiún an Aontais Eorpaigh thar ceann na bhfostóirí, na rannpháirtithe agus bhaill foirne na mBord Oideachais agus Oiliúna ó gach cearn den tír a chuidigh leis an rath mór a bhí ar an gclár agus ar an ngradam.

Bronntar an duais ghradamach sin gach bliain mar chuid de Sheachtain na Scileanna Gairmoideachais agus Oiliúna de chuid an Aontais Eorpaigh a mbítear á ceiliúradh ar fud na hEorpa faoin meirge ‘Discover Your Talent’ (Aimsigh do Bhua Féin).

Is clár náisiúnta é Oilteacht don Saothar atá dírithe ar dheiseanna oiliúna a sholáthar chun cabhrú le fostaithe déileáil leis na héilimh ar scileanna bunata san ionad oibre. Tá an tionscnamh sin á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann trí mheán na Roinne Oideachais agus Scileanna, agus tá sé á stiúradh ag na Boird Oideachais agus Oiliúna nuabhunaithe ar fud na tíre. Tá an tionscadal á bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta ag BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

Féach ar an bhfíseán den searmanas bronnta anseo