Online Enrolment:Téarmaí & Coinníollacha

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Nuair a ghlacann tú le Téarmaí agus Coinníollacha na háise seo ar líne a úsáid dearbhaíonn tú go bhfuil gach eolas a sholáthraíonn tú cruinn agus ceart. Má dhéanann tú aon fhalsú ar eolas a chuireann tú ar fáil nó má sholáthraíonn tú eolas míchruinn d’fhéadfaí pionós airgeadais a ghearradh ort agus/nó tú a dhíbirt ón mBord Oideachais & Oiliúna (BOO).
Ní hionann aon íocaíocht uaitse leis an BOO agus conradh ceangailteach. Coinníonn an BOO an ceart aon táille a ghearrtar ar an mac léinn don áis ar líne a leasú nó a choigeartú ina dhiaidh sin ag discréid an BOO é féin.
D’fhéadfaí cead a dhiúltú do mhac léinn leanúint lena c(h)lár léinn mura bhfuil gach táille íoctha in iomlán aige/aici.
Is féidir leis an BOO téarmaí inrochtana na háise seo a athrú am ar bith ag a dhiscréid féin. Má leanann tú leat ag úsáid na háise seo tar éis d'aon mhionathrú a bheith déanta air, measfar uaidh sin go nglacann tú leis an mionathrú sin. Beidh aighnis a éiríonn as úsáid na háise seo nó ateangaireacht Téarmaí agus Coinníollacha an BOO faoi réir ag dlíthe Phoblacht na hÉireann. Tabharfar aighnis faoi bhráid cúirteanna na hÉireann. Coimeádann an BOO an ceart chun imeachtaí dlí a thionscain i do thír chónaithe.

POLASAÍ AISÍOC TÁILLÍ

Ní ghlacann an Bord aon oibleagáid aisíoc a dhéanamh ar aon táille (nó cuid de tháille) íoctha ag mac léinn leis an mBord nó le mac léinn a tharraingíonn siar ó chúrsa. Tabharfar aisíoc iomlán d’iarrthóirí cúrsaí nach dtéann ar aghaidh agus dóibh siúd amháin.

Má easaontaíonn tú le haon cheann de na téarmaí nó na coinníollacha seo agus/ nó le forálacha infheidhmithe Rialacháin an BOO níl cead agat an áis seo a úsáid.


DDLETB Community National Schools

DDLETB Community Colleges

DDLETB Gaelcholáistí

DDLETB Further Education Colleges

DDLETB Adult Education Services