Deontais mic léinn

Ba chóir do mhic léinn ag lorg deontais NUA do 2015/2016 a iarratais a sheoladh chuig SUSI.


Mic léinn atá ag Athnuachan 2015/16

Má bhí deontas agat sa bhliain acadúil 2014/15 ó BOO Átha Cliath & Dhún Laoghaire agus má tá tú ag leanúint leis an gcúrsa chéanna i 2015/16, leanfaimid ag próiseáil d’iarratais go dtí go bhfuil do chúrsa críochnaithe.

Eiseofar foirmeacha athnuachana maidir le 2015/16 le mic léinn i mí Iúil 2015. Is é an dáta deiridh d’iarratais chomhlánaithe ná 28 Lúnasa 2015.

D’fhiosrúcháin maidir le hATHNUACHANA AMHÁIN, seol ríomhphost chuig studentgrants@ddletb.ie nó cuir glaoch ar 01 4529647 led’ thoil.

Uaireanta Oscailte
Is iad ár uaireanta oscailte (fón & oifig phoiblí) ná 9.00rn go 5.00in, Luan go hAoine.