Breisoideachais
Ní raibh am níos fearr riamh don earnáil bhreisoideachais in Éirinn. Cuireann Bord Oideachais & Oiliúna Átha Cliath & Dhún Laoghaire raon fairsing clár ar fáil do lucht fágála scoile agus daoine eile gur mhian leo leanúint leis nó filleadh ar oideachas.
Is féidir le cúrsaí Breisoideachais/ IAT cabhrú leat-
-
Scil a fhoghlaim a mhéadóidh deiseanna sa mhargadh fostaíochta duit
-
Oiliúint ghairmiúil a fháil i láthair ar leith
-
Athoiliúint i láthair nua fostaíochta sa todhchaí
-
Leanúint leis an Ardoideachas
Tá raon na gcúrsaí atá ar tairiscint fairsing - ealaín, gnó, cúram leanaí, cúram sóisialta, ríomhairí agus Teicneolaíocht Faisnéise, gruagaireacht, scéimh, altranas, bealach isteach ag an 3ú leibhéal. Níl luaite anseo ach cuid bheag den mhéid atá ar fáil.
View our Further Education/ PLC Course Index 2016/ 2017
Tá cúrsaí lonnaithe go háitiúil i 6 gcinn dár gColáistí ar fud an chontae agus is beag iad na táillí atá i gceist i bhformhór na gcásanna.
Maireann cúrsaí Breisoideachais bliain nó dhó de ghnáth agus tugtar teastas CDBO (FETAC) ag deireadh na gcúrsaí d’iarratasóirí a n-éiríonn leo. Faightear deimhniúcháin bhreise do chúrsaí speisialta ó an-chuid comhlachtaí gairmiúla scrúdúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Riachtanais Iontrála agus Próiseas Roghnóireachta
Tá na cúrsaí Breisoideachais oscailte dóibh siúd le hArd teistiméireacht nó cáilíocht choibhéiseach. Ba chóir riachtanais iontrála na gcúrsaí éagsúla a sheiceáil leis an gcoláiste. Le roinnt cúrsaí is gá bunleibhéal Béarla agus bunleibhéal Matamaitice agus/ nó ábhair scoile bainteach leis an gcúrsa. Éilíonn Ealaín & Ceirdeanna agus roinnt cúrsaí ar na Meáin punann oibre ar ghá a chur isteach. I gcás cúrsaí léirithe drámaíochta d’fhéadfaí go gcuirfí triail ar iarratasóirí mar chuid den phróiseas roghnóireachta. Tá cúrsaí Breisoideachais oscailte do mhic léinn lánfhásta a fhad is atá caighdeán oideachais na hArd teistiméireachta nó taithí saoil/ oibre feiliúnach bainte amach acu. Cuirtear agallamh ar gach iarratasóir do chúrsaí Breisoideachais. Bíonn an t-agallamh gearr go ginearálta agus ní bhíonn sé ró-fhoirmiúil.