Coláiste Pobail Lusca – Bord Bainistíochta bunaithe

02/11/2012
 
Tionóladh céad cruinniú Bord Bainistíochta eatramhach Coláiste Pobail nua Lusca ar an Déardaoin, 18 Deireadh Fómhair 2012. Déanann baill an Bhoird ionadaíocht ar son CGOid Chontae Átha Cliath (pátrún na scoile), na scoileanna náisiúnta áitiúil, múinteoirí, an dhá ghrúpa gníomhaíochta dara leibhéal agus an Comhairle Pobail. Feidhmeoidh POF CGOid Chontae Átha Cliath, an Dr. Máire Uí Ghrifín mar Rúnaí an bhoird go dtí go gceaptar Príomhoide go luath i 2013.

Tá pleananna ar fáil do Chéim 1 den bhfoirgneamh ar fáil anois. Thosaigh Céim 1 d’oibreacha tógála an coláiste ar an Luan, 5 Samhain 2012. Is é ABM ainm an conraitheora.Freastalóidh Céim 1 den bhfoirgneamh ar 350 dalta agus cinnteoidh sé go bhfreastalófar ar speisialachas gach ábhar nuair a osclaíonn an scoil i Meán Fómhair 2013. Tógadh grianghraf den chruinniú stairiúil ar an oíche. Ó chlé go deas:  John McKenna, Graham Harford, Eileen Doyle, Colm Kelly, Dr. Máire Uí Ghrifín (POF CGOid Chontae Átha Cliath), Cllr.Ken Farrell (Cathaoirleach) Edward Byrne, Helen O’Reilly, Simon Caffrey, Liz Scott & Brian Arnold (in easnamh ón ghrianghraf Cllr. Joan Maher)

The members of the Interim Board of Management of Lusk Community College