Taispeántas Obair Mhic léinn Ardteistiméireachta Feidhmí CGO Chontae Átha Cliath

05/03/2013
 
Cuireann CGO Chontae Átha Cliath  Clár na hArdteistiméireachta Feidhmí ar fáil i 11 scoil dara leibhéal dá gcuid: Coláiste Pobail Bhaile Brigín, Coláiste Pobail Caisleán Cnucha, Coláistí Pobail Páirc Bhaile Uí Choileáin agus Ráth an Deagánaigh i gCluain Dolcáin, Coláistí Pobail Fhine Gall agus Naomh Fhínín i mbaile Sord, Coláistí Pobail Chill na n-Iníon agus Mhóin Seiscinn i dTamhlacht, Coláiste na gCnoc Ghlas i mBaile Uailcín, Coláiste Pobail Leamhcán agus Coláiste Pobail Naomh Chaoimhín i gCnoc an Fhuaráin. Clár dhá bhliain atá  i gceist leis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach,  tá sé   ar fáil do mhic léinn  ar mhian leo clár praiticiúil le hard bhéim gairme a leanúint.    Is í aidhm an chláir  tallanna na mac léinn uile a aithint agus deiseanna forbartha a sholáthar i dtéarmaí freagrachta, féinmheasa agus eolais orthu féin agus chun cuidiú le mic léinn  an méid  a d’fhoghlaim siad a chur i bhfeidhm  sa saol nithiúil. Is clár nuálach é ag díriú ar an mbealach a bhfoghlaimíonn mic léinn,  céard a fhoghlaimíonn siad agus ar an mbealach a dhéantar measúnú ar a n-éachtaí.

Chun obair mhic léinn na hArdteistiméireachta Feidhmí a aithint agus  a cheiliúradh d’eagraigh CGO Chontae Átha Cliath taispeántas i Mí Márta 2012. D’éirigh chomh maith sin leis an taispeántas anuraidh go bhfuil sé i gceist againn taispeántas eile a eagrú i mbliana ar an Déardaoin, 7ú Márta ag oscailt ag 10.30 r.n i gCeann Oifig CGO Chontae Átha Cliath i dTamhlacht. Cuirfidh gach ceann de  scoileanna  CGO Chontae Átha Cliath  ina ndéantar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach samplaí d'obair na mac léinn ar fáil ag léiriú   a n-éachtaí i réimsí ar nós Ealaín & Dearadh, Adhmadóireacht, Miotalóireacht, Lónadóireacht agus  Ceisteanna Comhaimseartha. Tabharfaidh mic léinn, múinteoirí agus príomhoidí ar fud CGO ar fad cuairt ar an dtaispeántas chomh maith le baill Choiste CGO Chontae Átha Cliath.

Ag 12 nóin seolfar an taispeántas go foirmiúil. Labhróidh iar-mhac léinn faoi cé chomh mór is a thaitin an Ardteistiméireacht Fheidhmeach leis  agus an chaoi ar sheas sé dó ina shaol agus ina ghairm bheatha. I measc cainteoirí eile beidh comhordaitheoir clár  na hArdteistiméireachta Feidhmí i gceann dár gcoláistí. Déanfaidh mic léinn cur i láthair ar a dtaithí ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Bronnfaidh Máire Ní Ghrífín, POF,  teastais  ar na scoileanna rannpháirteacha. Beidh lón ar fáil ina dhiaidh agus beidh an taispeántas ar fáil go dtí a 2 a chlog.

LCA students from Collinstown Park CC at the 2012 exhibition    LCA students from Mount Seskin CC at the 2012 exhibition