Chomhpháirtíocht oideachais le Cóiré Theas

30/10/2013
 
Chomhpháirtíocht oideachais le Cóiré Theas

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag óstáil toscaireacht ó Oifig Oideachais Chungham, an Chóiré Theas inniu. Beidh Oifigigh na Roinne, faoi stiúir Alan Wall, agus Oifigigh Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (BOO) ag déanamh cur i láthair ar an gClár Idirbhliana in Éirinn a bhfuil suim ar leith ag an gCóras Oideachais sa Chóiré ann.

Tá BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire ag cruthú comhpháirtíocht domhanda le hOifig Oideachais Chungham a chuirfidh saineolas ar fáil dóibh chun Clár Idirbhliana a fhorbairt do dhaltaí dara leibhéal sa Chóiré Theas.

Tá Aireacht na Cóiré Theas ag beartú bonn níos iomlánaíoch a chruthú sa chóras oideachais acu trí bhliain eatramhach a thabhairt isteach a rachaidh chun leas daltaí go sóisialta agus go cultúrtha agus a mbeidh Béarla mar theanga Iasachtach, turais allamuigh agus taithí cultúrtha san áireamh ann.

Ag an gcruinniú cuirfidh na toscairí a gcomhpháirtíocht nua ar bhonn foirmiúil agus síneofar Meabhrán Tuisceana stairiúil.

Táthar ag súil go mbeidh rath ar an bhfiontar nua seo d'fhoghlaimeoirí agus d'oideachasóirí agus go gcabhróidh sé le naisc níos dlúithe a chruthú idir an dá chultúr.

Clr. Gearoid Mag Uidhir, Cathaoirleach le BOO Atha Cliath agus Dhun Laoghaire in aice le ball de thoscaireacht Chungnam ag siniu an Meabhran Tuisceana  ar an 29u Deireadh Fomhair 2013.j