Athróidh CGO Chontae Átha Cliath go BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

21/06/2013
 
Éifeachtach ón Luan, 1 Iúil 2013, beidh CGO Chontae Átha Cliath ag comhcheangal le CGO Dhún Laoghaire agus tabharfar Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire ar an earnáil nua. Soláthraíonn Acht an Bord Oideachais agus Oiliúna 2013  do bhunú 16 bord oideachais agus oiliúna nua le gur féidir na 33 CGOanna a dhíscaoileadh. Beidh níos mó feidhmeanna ag na Bord Oiliúna agus Oideachais.   

Leanfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire ag soláthair an réimse leathan céanna de sheirbhísí oideachais, idir Oideachais Bunscoile, Oideachais Dara Leibhéal, Breisoideachais agus Oideachas do Dhaoine Fásta chomh maith le cláir eile mar is gnáth. Athróidh ainm ár suíomh Ghréasáin ó www.codubvec.ie go www.ddletb.ie agus gach seans go n-athróidh cuid de na seolta ríomhphoist. Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go mbeidh úsáid ár sheirbhísí cumarsáide éasca don úsáideoir. Beidh ceann oifig Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire lonnaithe ag ceann oifig CGO Cho. Átha Cliath faoi láthair – 1 Geata Thuain, Cearnóg Belgard Thoir, Tamhlacht, BÁC 24.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a d’úsáid ár seirbhísí thar an 83 bliain agus táimid ag tnúth le seirbhís den scoth a chur ar fáil daoibh sa todhchaí.


Dr. Máire Uí Ghrifín, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin