CGO Chontae Átha Cliath ceaptha mar phátrún ar Choláiste Pobail Nua Lusca
Léirigh CGO Chontae Átha Cliath a ríméad tar éis a cheapadh mar phátrún ar an gColáiste Pobail nua i Lusca atá beartaithe le hoscailt i Meán Fómhair 2013.
Tá sé ráite ag an bpríomh-phátrún scoileanna i gContae Átha Cliath go mbeidh an Coláiste nua ar cheann de na scoileanna is nua-aimseartha sa Stáit agus go bhfreastalóidh sé ar an bpobal uile agus ar riachtanais oideachais ógra Lusca go ceann i bhfad.
Dúirt an Dochtúir Máire Ní Ghrífín, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CGO Chontae Átha Cliath, “Táimid ag tnúth go mór le freastal ar phobal uile Lusca le Coláiste Pobail nua den scoth. Bunófar Coláiste Pobail Lusca chun daoine óga a dhéanamh inniúil ar scileanna riachtanacha saoil agus tabharfar an cúlra acadúil a bheidh ag teastáil uatha don todhchaí dóibh. Scoil il-sainchreidmheach, le héiteas pobalbhunaithe uileghabhálach a bheidh inti. Beidh caighdeáin sár-mhaitheasa oideachais ar fáil ann.”
Is tuar dóchais do thodhchaí geal nua do Lusca agus dá ógánaigh an scoil nua seo. Mar phátrún, tabharfaimid taithí na mblianta linn chun timpeallacht oideachasúil dhearfach nua aimseartha uileghabhálach a chur ar fáil, dírithe ar shár léinn acadúil agus forbairt scileanna pearsanta saoil agus scileanna maireachtála in Éire nua-aoiseach.”
“Tá ár bplean do Choláiste Pobail Lusca bunaithe ar fhairsingeacht ár dtaithí i mbunú agus bainistiú Coláistí Pobail úrscothach ar fud Contae Átha Cliath. An ceann is déanaí dár gcuid is ea Coláiste Pobail Domhnach Bat.”
“Tacóidh agus spreagfaidh CGO Chontae Átha Cliath rannpháirtíocht tuismitheoirí, múinteoirí, ionadaithe tofa agus leasa na mbunscoileanna mar dhaoine a imreoidh mór thionchar ar éiteas agus ar threo an choláiste sa todhchaí, arsa an Dr. Ní Ghrífín.”
Is é CGO Chontae Átha Cliath, le hoidhreacht 80 bliain in oideachas Éireannach an t-údarás áitiúil reachtúil oideachais sa Chontae. Tá na Coláistí Pobail faoi stiúir CGO ina gceannasaithe agus ina nuálaithe i soláthar riachtanais oideachais nua-aimseartha d'ógánaigh, á gcothú mar bhaill iomlána a bpobal agus a sochaí. Aithnítear cuntas teiste an CGO agus a chumas chun freastal ar riachtanais pobail a bhíonn de shíor ag athrú. Mar phátrún Choláiste Pobail nua Lusca cuirfear taithí fairsing agus saineolas an CGO i soláthar oideachas d'ardchaighdeán ar fáil.
Bainistíonn CGO Chontae Átha Cliath 26 Choláiste Pobail, 4 Gaelcholáiste agus 4 Phobalscoil Náisiúnta, ar fud Contae Bhaile Átha Cliath, ceantar an-leathan ag síneadh ó Bhaile Brigín sa tuaisceart go Seanchill sa deisceart agus go Leamhcán san iarthar.