Osclaíodh Campas Oideachais Bhaile Fiobail, Baile Átha Cliath 15 go hoifigiúil ar an Aoine, 27ú Aibreán 2012 áit atá anois mar bhaile do Phobalscoil Náisiúnta Scoil Ghráinne, Coláiste Pobail Setanta agus Ionad Pobail Bhaile Fiobail. Bhí an t- Aire Cosanta Shóisialaigh, Joan Burton, T.D. i láthair chun an ribín a ghearradh, chomh maith le Rúnaí Ginearálta Cúnta na Roinne Oideachas & Scileanna, Caoimhín Mac Cárthaigh, Leas Mhéara Fhine Ghall, an Clr. Cionnaith Ó Fearghail agus roinnt mhaith Comhairleoirí Contae Fhine Ghall eile.

Sa searmanas, ina raibh taispeántas ó Bhanna Ceoil na nGardaí san áireamh, bhí óráidí ón Aire Burton agus taispeántais ceoil iontacha ó dhaltaí Scoil Ghráinne agus Coláiste Pobail Setanta. I ndiaidh an tsearmanais, bhí fáiltiú canapé i gColáiste Pobail Setanta agus sólaistí sa chlós lárnach agus cuireadh siamsaíocht ar fáil do pháistí óga Scoil Ghráinne le draíodóir, péinteáil aghaidhe, ainmhithe balúin agus preabchaisleáin.
D’oscail Scoil Ghráinne, ceann de na chéad Scoileanna Pobail Náisiúnta, a doirse i Mí Meán Fómhair 2008 agus an bhliain seo caite bhogadar isteach i bhfoirgneamh úrscothach ar an gcampas. Is forbairt spreagúil é an cineál scoile nua seo sa bhunoideachas, áit a bhfuil páistí, cuma cén creideamh, náisiúntacht, nó cumas, á múineadh i dtimpeallacht a léiríonn meas agus a fhreastalaíonn ar riachtanais aonaracha gach páiste.
D’oscail Coláiste Pobail Setanta i gcóiríocht sealadach i 2008 agus bhogadar isteach ina a bhfoirgneamh úr nua i 2010, áit a bhfuil spás do 1,000 mac léinn. Is iarbhunscoil il-sainchreidmheach comhoideachasúil a ofrálann buachaillí agus cailíní ó Bhaile Fiobail, Ongar, An Bealach Beag agus Teach Chainnigh an deis oideachas dara leibhéal a fháil i dtimpeallacht chompordach úrscothach.
D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Ionad Pobail Bhaile Fiobail i gcomhpháirtíocht le CGO Chontae Átha Cliath agus an Roinn Oideachais & Scileanna. Maíonn an t-ionad ceann de na hallaí spóirt is mó sa chontae chomh maith le hionad corpacmhainne, stiúideo rince, seomra cruinnithe, stiúideo taifeadta agus siopa caife. Tá áiseanna lasmuigh, ar nós páirc uile-aimsire, cúirteanna cispheile agus leadóige agus tá áis chleachtadh cruicéid i rith míonna an tsamhraidh acu. Tá spás mór san ionad atá tiomnaithe don óige agus atá ar fáil do Sheirbhís Foróige áitiúil.

Dúirt an Dr. Máire Uí Ghrífín, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CGO Chontae Átha Cliath “Tá an-áthas orainn go bhfuilimid ag tabhairt an campas oideachais nua seo chuig an bpobal áitiúil i mBaile Átha Cliath 15. Tharraing Scoil Ghráinne agus Coláiste Pobail Setanta clú ortha féin le hard cháil acadúil ó bunaíodh iad i 2008 chomh maith leis na mór éachtaí atá bainte amach ag daltaí agus leis an atmaisféar fáilteach cineálta a chruthaíonn siad. Le hionad Pobail Bhaile Fiobail san áireamh, rachaidh an campas ó neart go neart ag freastal ar an bpobal áitiúil le hardchaighdeán oideachais agus áiseanna pobail agus ag cothú na scileanna pearsanta atá riachtanach dár ndaoine óga don saol agus don chineál saoil atá rompu sa todhchaí.