Soláthraíonn Pobalscoileanna Náisiúnta an réiteach ar iolrachas
Tá ráiteas láidir déanta ag CGO Chontae Átha Cliath, an comhlacht pátrúnachta il-sainchreidmheach a bhainistíonn cuid de phobalscoileanna náisiúnta nua an Stáit go bhfuil na scoileanna nua seo ag cruthú an-sásúil do thuismitheoirí, do pháistí agus dá bpobal ar fad.
Baineann sé seo le barr feabhais oideachais, seirbhís pobail agus an meas agus an cuimsitheacht a sholáthraítear do pháistí ar gach creideamh agus orthu siúd gan aon chreideamh ar bhonn il-sainchreidmheach.
Tá sé ráite freisin ag an CGO Chontae Átha Cliath go bhfuil siad an-chinnte go n-admhóidh an Tuarascáil ar an bhFóram ar Phátrúnacht agus Iolrachas i gcás oideachas creidimh go soláthraíonn múnla na bPobalscoileanna Náisiúnta clár éifeachtach cuimsitheach oideachais agus teagaisc chreidimh roghnach mar chuid de chlár na scoile agus an churaclaim.
Dúirt an mór chomhlacht pátrúnachta freisin go bhfuil tuarascálacha reatha na meán (ag éirí as eolas a fuarthas tríd an saoráil faisnéise ón Roinn Oideachais) ag léiriú ábhair imní a ardaíodh i dtosach maidir le hoideachas creidimh níos mó ná ceithre bliain ó sin. I gcás na scoileanna nua bhunaithe atá ag feidhmiú go rathúil, baineann na hábhair imní seo (atá á n-aibhsiú sna meáin) leis an stair
Rinne an CGO Chontae Átha Cliath é féin aighneachtaí agus moltaí i dtaca le gnéithe creidimh laistigh de na scoileanna nua agus tá an Coiste sásta gur glacadh leo. Tá an próiseas sin fós ag fabhrú.
“Mar phátrún scoile, is bainisteoir scoile il-sainchreidmheach an CGO Chontae Átha Cliath ag freastal ar riachtanais oideachais an phobail ar fad agus ag freastal ar pháistí gach creideamh agus orthu siúd gan aon chreideamh. I bhfianaise téarmaí tagartha ár ndualgais agus ár gcúramaí oiliúna freastal ar gach dalta go cothrom, ní ghabhfaidh na Pobalscoileanna Náisiúnta anois nó ariamh le creideamh amháin thar chreideamh eile.” a dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CGO Chontae Átha Cliath, an Dr. Máire Ní Ghrífín.
“Maidir le bunú Boird Bainistíochta do na Pobalscoileanna Náisiúnta nua, táimid ag fanacht ar seo. Bhíomar ag iarraidh Boird Bainistíochta ón tús chun go mbeadh guth cuimsitheach ag tuismitheoirí, múinteoirí agus ag an bpobal. Is cuid dár gcur chuige comhpháirtíochta phobail é seo is táimid dóchasach go mbunóidh an tAire Boird sa ghar thodhchaí” arsa an Dr. Ní Ghrífín.
Dúirt an CGO Chontae Átha Cliath freisin go bhfuil siad cinnte go bhfuil an t-ábhar imní a léirigh roinnt bheag tuismitheoirí ó chúlra creidimh áirithe ag Scoil Choilm PSN, Baile an Phóirtéaraigh, an-ghar do bheith réitithe agus go bhfuil siad ag obair gan stad le tuismitheoirí uile chun a chinntiú gur féidir meas ar a ndearcadh creidimh a πéiriú.
Soláthraíonn Pobalscoileanna Náisiúnta clár oideachais il-chreidimh ar a nglaoitear
‘Goodness Me!, Goodness You!’. Oibríonn na scoileanna il-chreidimh seo le h-éiteas cuimsitheach ag léiriú measa ar gach creideamh reiligiúnach agus neamh-reiligiúnach. Soláthraíonn siad cur chuige nuálach chun freastal ar mhianta tuismitheoirí agus caomhnóirí laistigh den suíomh scoile agus laistigh den lá scoile.
Aithníonn na Pobalscoileanna Náisiúnta mianta tuismitheoirí gur mhaith leo oideachas creidimh a bheith ag a bpáistí mar chuid lárnach den churaclam scoile.
Bainistíonn an comhlacht pátrúnachta CGO Chontae Átha Cliath 26 Coláiste Pobail agus 3 Pobalscoil Náisiúnta ar fud Contae Bhaile Átha Cliath, ceantar an leathan ag síneadh ó Bhaile Brigín sa tuaisceart go Seanchill sa deisceart agus go Leamhcán san iarthar. Tá CGO Chontae Átha Cliath ceaptha mar phátrún ar 3 Phobalscoil breise le hoscailt i 2012 agus 2013.