 |
 |
Osclóidh Coláiste Pobail na Ciseoige i gCluain Buiríosa, Leamhcán Theas mí Mean Fómhair 2014 agus freastalóidh sé ar 1,000 dalta. Tá CGOid Chontae Átha Cliath ina phátrún ar an scoil nua agus tá Oideachais le Cheile bainteach mar chomhphairtí.
Maoinithe ag an Roinn Oideachas & Scileanna, freastalóidh an scoil il-sainchreidmheach agus chomhoideachais ar phobail uile Leamhcán Theas agus do na bunscoileanna áitiúla go háirithe. D’oibrigh CGOid Chontae Átha Cliath agus Oideachas le Chéile le chéile chun struchtúr bainistíochta an scoil nua a fhorbairt. Beidh Coláiste Pobail na Ciseoige ar cheann de na scoileanna is nua-aimseartha sa tír agus beidh éiteas pobal bhunaithe uileghabhálacht chomh maith le hard chaighdeán oideachais. Cothóidh sé agus tabharfaidh sé tacaíocht i gcruthú scileanna pearsanta agus acadúla a chuirfidh ar chumas daoine óga a mbarr chumais a bhaint amach i saol agus sochaí nua-aimseartha.
Comh maith leis an gclár Ardteistiméireachta iomlán, cuirfidh an scoil Creat na Sraithe Sóisearaí ar fáil a thiocfaidh i bhfeidhm do na scoileanna ar fad i 2014. Cinnteoidh na straitéisí múintoireachta, foghlama agus measúnú fócas ar smaoineamh, cumarsáid agus cruthaitheacht criticiúil. Cuirfidh Coláiste Pobail na Ciseoige sár curaclaim spórt agus roinnt gníomhachtaí seach-churaclaim eile chomh maith.
Tá rollú do Cholaiste Pobail na Ciseoige faoi ánseol anois don chéad bhliain d'iontrail i mí Meán Fómhair 2014. Ta foirmeacha rollaithe ar fail le híoslódáil anseo agus ag www.educatetogether.ie. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig CGOid Chontae Átha Cliath go dtí Thea Watters ag twatters@ddletb.ie agus is feidir ceisteanna a threorú chuig Thea Watters ag 4529600.