Príomhoide le taithí Fógartha do Choláiste Pobail nua na Ciseoige

20/01/2014
 
Príomhoide le taithí Fógartha  do Choláiste Pobail nua na Ciseoige
Tá Niall Hare fógartha mar Phríomhoide Coláiste Pobail na Ciseoige i Leamhcán Theas. Táthar ag rollú daltaí céad bliana do Mheán Fómhair 2014 faoi láthair. Bhí Niall Hare ina Phríomhoide ar Choláiste Pobail Confaí i Léim an Bhradáin ó 2009. Príomhoide Tánaisteach ab ea é sa choláiste céanna ó 2005. Oideachasóir le h-ard taithí is ea é.

Niall OHare
 
Tá Niall tiomanta don bharr feabhais agus do nuálaíocht mhúinteoireachta agus fhoghlama. Ba é a mhaoirsigh feidhmiú an Chlár Cheannaireachta Theagascaigh i gColáiste Confaí. Spreagann an clár seo úsáid réimse modhanna múinte fianaise bunaithe a uasmhéadaíonn foghlaim an dalta.

I 2012, ba é Confaí  an chéad scoil in Éirinn a d’ofráil Mandairínis mar ábhar iomlán roghnach don Teastas Sóisearach. D’fhorbair an scoil cúrsa i Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil i gcomhar le OÉ Maigh Nuad. I mbliana beidh Coláiste Confaí ar an gcéad scoil sa tír ag tairiscint oiliúint SMART, clár a d’fhorbair OÉ Maigh Nuad, do dhaltaí agus d'fhoireann araon.

Dúirt an Príomhoide, Niall Hare go soláthróidh “Coláiste Pobail na Ciseoige taithí scoile chuimsitheach, chomhoideachasúil agus il-sainchreidmheach leis na háiseanna is nua- aimseartha agus leis na caighdeáin oideachais is airde.

“Le cur chuige múinteoireachta agus foghlama nuálach, cothóidh ár n-éiteas scileanna saoil a chuirfidh ar chumas daoine óga a mbarr cumais a bhaint amach sa sochaí.”
 
“Táim ag tnúth le dul ag obair le foireann mhúinteoireachta, le tuismitheoirí agus go háirithe le daltaí na céad bliana nuair a fháiltímid rompu sa scoil fhorásach réamhbhreathnaitheach  nua seo”

Freastalóidh Coláiste Pobail na Ciseoige ar 1,000 dalta. I dteannta clár iomlán na hArd-Teistiméireachta, cuirfidh an scoil Creat na Sraithe Sóisearaí Nua a thabharfar i bhfeidhm i ngach scoil i 2014 ar fáil. Cinnteoidh na straitéisí múinteoireachta agus foghlama is nuaí fócas ar smaointeoireacht chriticiúil, ar chaidreamh agus ar chruthaitheacht. Cuirfidh Coláiste Pobail na Ciseoige curaclam spóirt den scoth chomh maith le méid mór gníomhaíochtaí seac-churaclam ar fáil. 

Is coláiste pobail ainmnithe é Coláiste na Ciseoige le Bord Oiliúna agus Oideachais Átha Cliath agus Dhún Laoghaire mar phátrún i gcomhpháirtíocht le 'Oideachas le Chéile'. Eagrófar cruinnithe le haghaidh tuismitheoirí agus daltaí sna míonna amach anseo.