Ghnóthaigh triúir mac léinn ó Choláiste Pobail na Sceirí scoláireachtaí JP McManus bunaithe ar thorthaí Ardteistiméireachta 2012. B'iad an cúpla, Barbara agus Valerie Julius agus Alan Rochford, na mic léinn bródúla a thug an duais leo.
D’fhreastal Barbara ar Choláiste Pobail na Sceirí agus chabhraigh a sé bliana iontacha sa choláiste a scileanna agus a tallanna a fhorbairt. Tá Barbara ag déanamh staidéir ar leigheas in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Tá sí ag súil le bheith ina Máinlia Péidiatraiceach. Chaith a deirfiúr Valerie sé bliana den scoth i gColáiste Pobail na Sceirí agus “airíonn sí uaithi an comhrá a thaitin chomh mór sin léi”. Tá sí ag cur a háit ar chúrsa Leighis ar athlá ar feadh bliana. Tá Valerie ag súil le bheith ina Chnáimhseoir.
Chaith Alan Rochford sé bliana sonasacha i gColáiste Pobail na Sceirí chomh maith. Tugann sé an-chreidiúint do na sár mhúinteoirí sa scoil a chabhraigh leis a thorthaí a ghnóthú. Tá Alan ag déanamh staidéir ar Innealtóireacht in Ollscoil Luimnigh.
Tá scoláireachtaí JP McManus maoinithe ag an milliúnaí agus an daonchara Éireannach JP McManus. Bronntar iad ar 125 mac léinn go bliantúil ar fud Éireann uile, Thuaidh agus Theas. Tá luach gach scoláireacht socraithe ag €6,750.00 in aghaidh na bliana fad is a mhaireann an clár fochéimeach a thugann an fhaighteora faoi.
B'é Bill Clinton, an 42 Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an aoi onóra ag an searmanais dámhachtain in Ollscoil Luimnigh i mbliana . B'aoi onóra an-oiriúnach é Uachtarán Clinton de bharr an dlúth eolais atá aige ar Éirinn, idir an próiseas Síochána agus na forbairtí polaitiúla agus eacnamaíochta. Bhí sé suntasach go raibh sé i láthair go háirithe os rud é go raibh sé féin ina thairbhí scoláireachtaí go hOllscoil Georgetown, Oxford agus Yale.
Bhí tuismitheoirí na mac léinn agus Príomhoide Coláiste Pobail na Sceirí ina aíonna ag an searmanas dámhachtain áit ar thug an tUachtarán Clinton óráid mhachnamhach inspioráideach. Chuir JP McManus agus a bhean chéile Noreen lón ar fáil i ndiaidh an searmanais.