Bhronn Coláiste Ollscoile BÁC gradam ar iar-mhac léinn Coláiste de hÍde

21/11/2012
 
Bhronn Coláiste Ollscoile BÁC gradam ar iar-mhac léinn Coláiste de hÍde
Bronnadh Scoláireacht Iontrála ar Chian Ó Dubhshláine, iar-dhalta ó Choláiste de hÍde (2006-2012) ag searmanas i gColáiste na hOllscoile, BÁC (UCD) ar an 14ú Samhain. Is de bharr na torthaí arda (565pointe) a ghnóthaigh sé san ardteist a fuair sé an gradam seo . Tá sé ag déanamh cúrsa céime san Eolaíocht i gColaiste na nEolaíochtaí. Tugadh plaic cuimhneacháin don scoil ag comóradh an éacht seo. Táimid thar a bheith bródúil as Cian agus guímid gach rath air agus é i mbun staidéara.
Cian Ó Dubhshláine in aice le Feargal Ó Giolláin