Tiocfaidh tallann chun solais i gcónaí, agus léiríodh é seo i rith Féile Cheoil CGO Chontae Átha Cliath sa Cheoláras Náisiúnta i mbliana. Chuir láithreacht an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn agus a bhean chéile, aíonna onóracha ar an oíche, go mór leis an ócáid ach d'aontódh siad san, fiú amháin, gurbh é ceol ár ndaltaí a shoilsigh an oíche agus a d’ardaigh meanma na ndaoine a bhí i láthair.
Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil sé ceithre bhliain déag ó shin ó tosaíodh ar an imeacht seo, gur mhair sé agus gur fhás sé mar thoradh díreach ar dhúthracht mhúinteoirí CGO Chontae Átha Cliath chomh maith leis an tseilbh a ghlacann na daltaí ar an bhféile seo. Bíonn sé seo an soiléir i mí na Nollag nuair a bhíonn na céadta daltaí ó Choiste Gairmoideachais Co. Átha Cliath i láthair ag an triail. Éiríonn sé níos dúshlánaí chuile bhliain amhránaí aonair agus grúpaí a roghnú don chlár ceoil de bharr saibhreas na tallainne ag an triail.
Ba é seo an chéad bhliain go raibh cur i láthair ó dhá phobalscoil náisiúnta de chuid CGO Chontae Átha Cliath agus thaispeánadar go raibh todhchaí an cheoil inár bpobal slán lena dtaispeántais snasta, féinmhuiníneach proifisiúnta!
Bheadh sé éagórach agus dodhéanta ar aon chaoi, ceoltóir nó grúpa ceoltóirí a roghnú agus a rá gurbh é/í nó iad san ab fhearr ar an oíche, ach táim cinnte go bhfuil cuimhní iontacha ag an oiread sin daoine a bhí i láthair ar an oíche, an tUachtarán agus a bhean chéile san áireamh. Cuireadh fáilte is fiche rompu, an cineál fáilte a thugtar do réalta pop nó daoine fíor cháiliúla! Dúirt Sabina go gcaithfeadh go raibh muid, mar mhúinteoirí, mar dhaltaí agus mar thuismitheoirí an-bhródúil: Creidim go bhfuil an ceart go hiomlán aici, táimid fíor -bhródúil astu !