Ba mhór an onóir é do Choláiste Pobail Leamhcán cuairt an Taoisigh, Enda Kenny TD ar an gcoláiste mar chuid dá gceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. Chuir an Príomhoide Diane Birnie, Andrew Purcell, Príomhoide Tánaisteach agus na captaein scoile Niall Kelly agus Karthika Srikumar fáilte roimhe. Cuireadh baill de phobal na scoile chomh maith le Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta an Clr. Éamon Ó Toghadh, Cathaoirleach Cumann na dTuismitheoirí Shona Hayes, Oifigeach Oideachais CGO Chontae Átha Cliath Deirdre Nic Aodha, Ceannasaí Seirbhísí Eagraíochta CGO Chontae Átha Cliath Pól Mac Aodh Bhuí chomh maith le múinteoirí agus daltaí in aithne dó.
D’oscail an Taoiseach gairdín nua a dhear daltaí na séú bliana, rang Mozart, mar chuid dá gcúrsa gairneoireachta. Ghabh an dalta Stephen Byrne buíochas leo siúd a chuidigh leis an gairdín a chruthú. Nochtadh cloch chun 21 bliain den Chlár

Malairte Gearmáinis atá idir Coláiste Pobail Leamhcán agus Gymnasium Münchberg, An Ghearmáin a chomóradh. Labhair Paul Lombard, dalta Idirbhliana, ar son na ndaltaí a d’fhill ó thuras coicíse chun na Gearmáine le déanaí ar cé chomh maith is atá an clár malartaithe, a bhuíochas san d'obair bhuíne na múinteoirí, na ndaltaí agus na dtuismitheoirí thar na blianta.
Thug an Príomhoide Tánaisteach, Andrew Purcell cuireadh don Taoiseach crann a chur mar chomharthaíocht d’fhás agus d'forbairt leanúnach na scoile le 25 bliain anuas agus don fhás atá beartaithe don Choláiste sa todhchaí leis an síneadh nua atá beagnach réidh leis an tréimhse pleanála. Bogfar an crann go suíomh speisialta nuair atá an síneadh nua tógtha.
Shiúil an Taoiseach tríd an Garda Onóra a rinne múinteoirí agus daltaí timpeall clós na scoile. Cuireadh taispeántas d’obair na ndaltaí agus grianghraif d’ócáidí scoile in airde sa bhialann. Chan grúpa daltaí píosa ceoil a canadh ag Féile Cheoil CGO Chontae Átha Cliath 2012 sa Cheoláras Náisiúnta. Chuir an Taoiseach críoch lena chuairt agus ghabh sé buíochas leis an scoil as an deis a tugadh dó cuairt a thabhairt ar an scoil. Bhí an-áthas air leis an bhfáilte a cuireadh roimhe agus ghuigh sé gach rath ar phobal na scoile lena gceiliúradh agus sa todhchaí.