D’oscail Pobalscoil Náisiúnta Iarthar na Cathrach agus Teach Sagard a doirse don chéad uair le Naíonáin Shóisir i mí Meán Fómhair 2012. Ón lá sin, d’fhás sí agus tá sí ag dul ó neart go neart. Tá an-éileamh ar an scoil agus tá sí ríthábhachtach le pobail na háite. Deir an Príomhoide, Seamus Conboy,
“Is é m’fhís do PSN Iarthar na Cathrach agus Teach Sagard ná ár ndícheall a dhéanamh timpeallacht oideachasúil d’ardchaighdeán a chruthú go hacadúil agus i ngach ghné eile de shaol na scoile. I dtreo go mbainfimid amach an fhís seo, spreagfar gach ball de phobal na scoile a mbuanna agus a dtallainn a úsáid do leas ár bpáistí. I gcomhpháirtíocht le tuismitheoirí agus pobal PSN Iarthar na Cathrach agus Teach Sagard i gcoitinne, déanfaidh na múinteoirí a ndícheall grá don fhoghlaim a chothú agus meas domhain do dhaoine eile a chur ina luí ar dhaltaí na scoile.”
Insíonn an fístéip seo táirgthe ag an scoil gach ar mhaith leat a bheith ar eolas agat faoin bPobalscoil Náisiúnta iontach seo.
Citywest & Saggart Community National School from Citywest and Saggart CNS on Vimeo.