Oilteacht don Saothar
Is clár náisiúnta é Oilteacht don Saothar (SFW) atá dírithe ar dheiseanna oiliúna a sholáthar chun cabhrú le fostaithe déileáil leis na héilimh ar scileanna bunata oideachais san ionad oibre. Tugann an Roinn Oideachais & Scileanna maoiniú d'Oilteacht don Saothar agus riarann Bord Oideachais & Oiliúna Átha Cliath & Dhún Laoghaire go náisiúnta é.
D’fhéadfadh réimse ábhar a bheith san áireamh sna cúrsaí d'Oilteacht Saothair, a thugann tacaíocht do riachtanais oideachasúla fostaithe.
Tá eilimintí den litearthacht agus den uimhríocht comhtháite i ngach ceann de na hábhair ar na cúrsaí d'Oilteacht Saothair, ó chumarsáid go ríomhaireacht, scileanna idirphearsanta, réiteach fadhbanna agus scríobh tuarascálacha . Is féidir na cúrsaí a chur ar fáil in áitreabh an chuideachta nó in ionaid oideachais na Boird Oideachais & Oiliúna. Tá cúrsaí d'Oilteacht Saothair deartha agus seachadta ar bhealach solúbtha inoiriúnaithe chun freastal ar riachtanais an fhostóra agus an fhostaí. D’fhéadfadh an cúrsa cabhrú le creidiúnú FETAC leibhéal a 3 a bhaint amach.
Tuilleadh eolais, déan teagmháil le mlynch@ddletb.ie nó is féidir logáil isteach ar www.skillsforwork.ie